Taca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mais mhór saoirseacht cloiche, tógtha i gcoinne balla, de ghnáth ar thaobh amuigh an fhoirgnimh chun feidhmiú i gcoinne sá cliathánach áirse, dín nó boghta. Cineálacha éagsúla ann. Cineál suntasach is ea an taca crochta, teascán áirse a shíneann ó bhalla ard, uaireanta ó phiara aonarach go dtí taca seachtrach.