Túr Raghnaill
Jump to navigation
Jump to search
Is túr cloiche ciorclach é Túr Raghnaill (Béarla:Reginald's Tower), atá suite i gcathair Phort Láirge. Tógadh é ag tosach an 13ú haois mar chuid de chosaint na cathrach. Tógadh an dara cuid de sa 15ú haois. Bhaintí úsáid as mar mhuileann airgid, mar phríosún agus mar stóras míleata chomh maith. Rinneadh athchóiriú air agus tá taispeántas staire do thurasóirí ann anois. Is séadchomhartha náisiúnta é an foirgneamh seo.