Tóstal Éireann 2013

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba thionscnamh túrasóireachta in Éirinn é Tóstal Eireann 2013An Tóstal (Béarla: The Gathering Ireland 2013The Gathering). Ba é aidhm an tionscnaimh ná an diaspóra Éireannach a spreagadh chun teacht ar ais go hÉirinn i rith na bliana 2013. Chruthaigh rialtas na hÉireann an tionscnamh sa bhliain 2009 chun an tionscal turasóireachta a fhorbairt. Is é Fáilte Ireland an eagraíocht i bhí i bhfeighil an tionscnaimh. Bhí neart féilte agus ócáidí ar nós athaontaithe teaghlach agus gníomhaíocht spóirt ar siúl ar fud na tíre mar gheall air.

Chuaigh coincheap an Tóstail chun cinn ar dtús in 2009 ag Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain. Bhí dhá phríomhchuspóir ag an Tóstal: caidreamh níos fearr a chruthú idir Éire agus an diaspóra agus an turasóireacht in Éirinn a fheabhsú.