Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain
Cuma
| Cineál | cruinniú mullaigh | ||
|---|---|---|---|
| Bailíocht | 2009 - | ||
| Suíomh gréasáin | globalirishforum.ie… | ||
Comhdháil i mBaile Átha Cliath ba ea an Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain.[1] Ar nós an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda san Eilvéis,[2] d'fhreastail daoine mór le rá i saol an ghnó agus saol an chultúir ó gach cearn den domhan ar an gcomhdháil. An t-iriseoir agus eacnamaí David Williams a bhunaigh an Fóram.
Tionóladh an chéad Fhóram ag Teach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ó 18 go 20 Meán Fómhair 2009, agus rinne RTÉ tuairisciú forleathan air.[3] Tionóladh an dara fóram i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2011.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Global Irish Economic Forum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-01.
- ↑ "Global Irish Economic Summit planned for Farmleigh". The Belfast Telegraph.
- ↑ “Forum Coverage”. Raidió Teilifís Éireann. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 September 2009. Dáta rochtana: 2009-09-18.