Séirín Canárach
Serinus canaria | |
---|---|
♂ | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Serinus canaria domestica |
Mais | 1.54 g 15.3 g |
Meánlíon in ál | 3.5 |
Tréimhse ghoir | 13 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22720056 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Fringillidae |
Géineas | Serinus |
Speiceas | Serinus canaria (L., 1758) |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | na hOileáin Chanáracha |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Fringilla canaria |
Speiceas éan pasaireach is ea an Séirín Canárach (Serinus canaria). Tugtar canáraíthe ar a chuid cineálacha ceansaithe, toisc go bhfuil siad dúchasach do na hOileáin Chanáracha (chomh maith le hoileáin eile na Macarainéise).
I dtosach, tá cluimhreach bhreacdhonn agus glas aige, rud a ligeann dó a bheith duaithnithe i gcrainn a thimpeallachtA nádúrtha.
Is é an t-éan seo siombail nádúrtha na nOileán Chanárach, mar aon leis an phailm dátaí Chanárach (Phoenix canariensis).
Póraíodh na canáraithe baile uile a choinnítear i gcásanna ó speiceas amháin, Serinus canaria, atá dúchasach do na hOileáin Chanáracha.
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rangaigh Carl von Linné an séirín Canárach sa bhliain 1758 ina Systema Naturae. Rangaigh von Linné an séirín Canárach ar dtús mar fhospeiceas den seirín Eorpach agus shann sé iad don ghéineas Fringilla. Na blianta ina dhiaidh sin, rinne Cuvier iad a athrangú sa ghéineas Serinus agus d'fhan siad ann mar sin. Is é an gaol is gaire atá aige ná an seirín Eorpach (Serinus serinus) agus is féidir leis an dá cheann hibridí torthúla 25% a tháirgeadh ar an meán má crosáiltear iad.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Canáraí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 112.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |