Sune Bergström
Cuma
Bithcheimicí Sualannach a rugadh i Stócólm ab ea Karl Sune Detlof Bergström (10 Eanáir 1916 – 15 Lúnasa 2004). Rinne sé taighde bunúsach ar dhéanamh na n-aigéad domlasach as colaistéaról agus na conairí díleáite chuige sin. D'aonraigh is d'íonghlan sé na prostaglaindiní, aigéid chasta shailleacha a dhéanann na cealla mamacha go léir. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1982 le Bengt Samuelsson is John Vane as a bhfionnachtana ar phrostaglaindin is comhábhair ghaolmhara.[1]
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sune Karl Bergström". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 72.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |