Sulfónaimídí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chéad chlann drugaí a úsáideadh chun ionfhabhtuithe baictéaracha a sheachaint is a chóireáil i ndaoine. Mar thoradh air seo sna 1930idí déanacha, tharla laghdú mór i mbáis de bharr galar ionfhabhtaithe. D'fhionn Gerhard Domagk cumas teiripeach Prontosil (ar lí é), agus ba é sin an chéad cheann de chuid mhaith sulfónaimídí. Tháinig baictéir fhrithsheasmhacha chun cinn de réir a chéile, agus cuireadh peinicillin ina n-ionad. Ach tá siad tábhachtach chun ionfhabhtuithe áirithe a chóireáil fós.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sulfónaimídí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 634.