Stiúrthóireacht na Faisnéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deirtear go bhfuil oifigí Stiúrthóireacht na Faisnéise—nó cuid díobh—suite anseo i gceannáras Óglaigh na hÉireann, i nDroichead Nua, Contae Chill Dara.
Beairicí Mhic Aodh i mBaile Átha Cliath, suíomh eile a gceaptar oifigí SF suite ann

Brainse d'Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann) is ea Stiúrthóireacht na Faisnéise (Béarla: The Directorate of Military Intelligence, G2). Seirbhís fhaisnéise na hÉireann atá ann. Tá an eagraíocht freagrach as sábháilteacht agus slándáil Óglaigh na hÉireann, a bhfoirne, agus Poblacht na hÉireann. Tá rannóga faisnéise intíre agus thar lear ar siúl ag an Stiúrthóireacht, a sholáthraíonn faisnéis do Rialtas na hÉireann a bhaineann le bagairtí do shábháilteacht an stáit agus don leas náisiúnta, bíodh na bagairtí de bhunús laistigh nó lasmuigh den tír.

Is cuid d'Arm na hÉireann í Stiúrthóireacht na Faisnéise, ach freastalaíonn sí ar riachtanaisí gach brainse sna Fórsaí Cosanta. Fostaíonn Stiúrthóireacht na Faisnéise baill den Arm, den tSeirbhís Chabhlaigh agus den Aerchór. Comhlíonann Sciathán Fiannóglaigh an Airm ("SFA") oibríochtaí na Stiúrthóireachta in Éirinn agus thar lear.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]