Stephen Farry
Cuma
Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann é Stephen Anthony Farry (Gaeilge: Stíofán Ó Fearadhaigh). Rugadh é ar 22 Aibreán 1971 i mBaile Nua na hArda. Is ball de Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann é.
Ba chomhalta den Tionól Reachtach é don Dún Thuaidh, ó 2007 go 2019.[1]
I mí na Nollag 2019, bhí sé tofa den chéad uair mar theachta parlaiminte don Dún Thuaidh.[2]
San Olltoghchán 2024 sa Dún Thuaidh fuair Easton an ceann is fearr ar Farry. (B'é an t-aontachtaí Alex Easton an t-aon iarrthóir neamhspleách a toghadh i dTÉ in 2024).[3]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is mac le Vincent Farry agus Margaret Farry (née Greer). Rinne sí staidéar ar an bpolaitíocht agus caidreamh idirnáisiúnta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Phós sé Wendy Watt in 2005.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Northern Ireland Assembly" (en-GB). www.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2022-10-13.
- ↑ "Parliamentary Career for Stephen Farry" (en-GB). https://members.parliament.uk/. Dáta rochtana: 2022-10-13.
- ↑ "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |