Stampaí agus stair phoist na hAsarbaiseáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cárta poist a cuireadh ón Asarbaiseáin go dtí an Ghearmáin, 1896, stampa de chuid Impireacht na Rúise air.
Fir phoist in Baku, san Asarbaiseán, sa bhliain 1914

Cuir síos ginearálta atá san alt seo ar stampaí agus stair phoist na hAsarbaiseáine. Thóg Impireacht na Rúise seilbh ar an Asarbaiseáin sa bhliain 1806 agus chuir siad an chéad oifig phoist ar bun sa tír sa bhliain 1818. Tháinig na chéad stampaí poist in úsáid in Impireacht na Rúise sna 1850idí. Chuaigh na hAsarbaiseánaigh i gceannas ar an gcóras i ndiaidh dóibh a neamhspleáchas a bhaint amach sa bhliain. Tháinig cor eile sa scéal nuair a ghlac Aontas na Sóivéide seilbh ar an tír sa bhliain 1920, agus cor eile fós sa bhliain 1991 le neamhspleáchas na tíre ó na Sóivéadaigh.

Impireacht na Rúise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús le seirbhís poist nua-aimseartha san Asarbaiseáin go luath san 19ú haois, nuair rinneadh cuid de Impireacht na Rúise den tír.[1] Osclaíodh an chéad oifig phoist sa bhliain 1818 in Yelizavetpol (Ganja anois).[1] Cuireadh seirbhís athseolta litreacha i bhfeidhm sa bhliain 1826 in Baku ar dtús, ansin sa bhliain 1828 Nakhichevan.[1] Ina dhiaidh sin, osclaíodh oifigí poist in Quba, Shusha, Shamakhi, Lankaran, Nukha (Shaki anois) agus Salyan.[1] Baineadh úsáid as postmharcanna agus stampaí poist i limistéar na hAsarbaiseáine ón mbliain 1858 i leith. Poncanna curtha le chéile i gcrutha éagsúla ab iad na luathphostmharcanna. Ansin cuireadh in úsáid postmharcanna le hainmneacha cathracha in éineacht le dátaí.

Poblacht Dhaonlathach na hAsarbaiseáine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teampall na Tine ar an naoú (de réir Chatalóg Scott) stampa Asarbaiseánach. Eisíodh an stampa seo sa bhliain 1919.

Rinne Poblacht Dhaonlathach na hAsarbaiseáine na chéad stampaí Asarbaiseánacha a eisiú sa bhliain 1919. Foireann deich stampaí suas go luach 50r agus a bhí maisithe le pictiúir ab ea iad. Bhí an dá chló difriúla ann: cló na bliana 1919 ar pháipéar bhán le guma fo-bhán agus cló eile sa bhliain 1920 ar pháipéar donnbhuí le guma buí nó gan ghuma. Tá stampaí ón chéad chló gann agus tá samplaí bréige díobh ann.[2]

Poblacht Shóivéadach Shóisialtach na hAsarbaiseáine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stampa de chuid Phoblacht Shóivéadach Shóisialtach na hAsarbaiseáine, 1921

Ar 27 Aibreán 1920 rinne arm na Sóivéadach a bhealach isteach sa phríomhchathair, Baku, agus cruthaíodh Poblacht Shóivéadach Shóisialtach na hAsarbaiseáine, poblacht a cuireadh isteach in Aontas na Sóivéide (APSS). Eisíodh na chéad stampaí don phoblacht seo sa bhliain 1921. Foireann 15 stampa a bhí i gceist.

Poblacht na hAsarbaiseáine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stampa Asarbaiseánach nua-aimseartha ag comóradh Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2012

Ar 19 Samhain 1990, athainmníodh an phoblacht shóivéadach mar Phoblacht na hAsarbaiseáine. Bhain sí a neamhspleáchas amach ar 18 Lúnasa 1991 agus eisíodh an chéad stampa faoin rialtas nua ar 26 Márta 1992 chun neamhspleáchas na tíre a chomóradh. Ní hionann agus na hiar-phoblachtaí sóivéadacha eile, níor chuir an Asarbaiseáin forchlónna ar stampaí de chuid an APSS chun riaradh ar riachtanais postais na tíre.[3]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Mail - History and development".
  2. Stanley Gibbons Stamp Catalogue Part 10 Russia. 6th edition. London: Stanley Gibbons, 2008, pp.353-376. ISBN 0-85259-652-9
  3. "Overprinted Soviet stamps: quest or quagmire?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-07-01. Dáta rochtana: 2016-08-27.
Foinsí
  • Stanley Gibbons Ltd agus Scott Stamp Catalog: catalóga éagsúla
  • Dobin, Manfred (1993). "Postmarks of Russian Empire (Pre adhesive period)". Standard Kollektion. 
  • "World History Stamp Atlas" (1991). Black Cat.