Stachys sylvatica

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoStachys sylvatica Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhnucule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineLamiaceae
GéineasStachys
SpeiceasStachys sylvatica Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda ilbhliantúil luibheach a fhásann 80 cm ar airde i gcoillearnach agus i bhféarach neamhbhainistithe is ea Stachys sylvatica, ar a dtugtar an créachtlus[1] nó an créachtlus fáil go coitianta. I gcriosanna measartha den leathsféar thuaidh bláthaíonn sé i mí Iúil agus Lúnasa. Bíonn na bláthanna corcra. Nuair a bhíonn na duilleoga brúite nó meilte, is féidir leo boladh bréan a thabhairt uathu.[2]

Cue síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is planda ilbhliantúil ceartseasmhach é an créachtlus fáil le reathairí caola faoin talamh. Síneann an gas géaga uaidh ó am go chéile agus bíonn sé cearnógachh agus gruagach, le ribí faireogacha ar an chuid uachtarach den phlanda. Bíonn na nóid spásáilte go forleathan, agus bíonn na duilleoga lárghlas, na gais i mbeirteanna urchomhaireacha. Bíonn na lanna duille fionnach, agus na boinn chordach orthu agus bíonn siad ubhchruthach le barr maol agus le fiacla móra rialta ar an imeall. Cruthaíonn an bláthra críochspíce dlúth agus bíonn sé comhdhéanta de rothóga dlúth de bhláthanna corcra le baill bána orthu. Tá cúig lobes ag an chailís agus cruthaíonn an coróinín bláth dhá--liopach thart ar 12 go 18 mm ar fad le feadán comhtháite. Tá liopa uachtarach gach bláth dronnach le ribí dlúth, faireogach agus tá an liopa íochtair trí-liopach, is é an liopa lárnach an ceann is mó. Tá ceithre staimín ann, dhá fhada agus dhá ghearr, tá dhá chairpéil chomhleáite ag an gínéiciam agus is é an toradh ná scitseacarp ceithre seoimrín. Tá boladh beagán míthaitneamhach ar an bplanda.[3]

Dáileadh agus gnáthóg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is planda dúchasach é an créachtlus fáil san Eoraip agus i lár agus iarthar na hÁise. Fásann sé faoi scáth ballach ar imeall na gcoillte, i bhfálta sceacha agus ar thalamh garbh.[4] Tá sé tugtha isteach i stát Nua-Eabhrac, Ontario, agus an Nua-Shéalainn.[5]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Stachys sylvatica” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Anne Pratt, Wild Flowers, London, 1852, pp. 125–126.
  3. |Hedge woundwort: Stachys sylvatica.NatureGate
  4. Stachys sylvatica
  5. Plants of the World Online