Spriúchadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teilgean adamh amach as dromchla miotail de bharr a thurrainge le hiain. Is féidir an próiseas a úsáid chun dromchla ultraghlan a tháirgeadh, nó mar fhoinse adamh i ndeascadh folúsach scannán fíorthanaí, mar shampla in ullmhú samplaí i gcomhair leictreonmhicreascópacht scanta. I spriúchadh maighnéatróin, baintear feidhm as réimsí maighnéadacha chun cur le plasma ag an spriocábhar, áit a ndeasctar ansin é mar scannán tanaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Spriúchadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 620.