Spondailíteas ancalósaithe
Jump to navigation
Jump to search
Galar athlasta forchéimneach, a chuireann isteach ar fhir óga go príomha, a ionsaíonn na coirp veirteabracha is na hailt eatarthu, ionas go bhfaigheann duine stalcacht is pian sa droim. Na veirteabraí ceirbheacsacha is lumbacha (is é sin, an dromlach sa mhuineál is in íochtar an droma) is mó a bhíonn thíos leis. Uaireanta, cuireann sé isteach ar ailt eile sna guaillí is na cromáin, agus go hannamh na súile, na scamhóga is comhlaí an chroí. Ní fios cad is cúis leis.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |