An difríocht idir athruithe ar: "Scitsibhéascna"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Úsáid an t-alt anseo. Tá "Meiriceá" deimhnitheach i "Béarla Mheiriceá" agus mar sin níl an t-alt ceadaithe ansin, ach tá sé de dhíth roimh "Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach". Maidir le "leichte", ní thuigfeadh aon duine (mé féin san áireamh) é.
Líne 8: Líne 8:
== Féach freisin ==
== Féach freisin ==
* Leithcheal ar bhonn canúna
* Leithcheal ar bhonn canúna
* Imní faoi theanga iasachta - an easpa muiníne agus suaimhnis ag neach a bhíonn ag foghlaim nó ag úsáid teanga iasachta
* Imní faoi theanga iasachta - an easpa muiníne agus suaimhnis ar an duine atá ag foghlaim nó ag úsáid teanga iasachta

==Tagairtí==
==Tagairtí==
{{reflist}}
{{reflist}}

Leagan ó 06:50, 31 Iúil 2020

Téarma sochtheangeolaíochta é scitsibhéascna a thagraíonn don éiginnteacht faoin gcaighdeán nó faoin norm ceart teanga i bpobal teanga. Ba é an teangeolaí Ioruach-Mheiriceánach Einar Haugen a chruthaigh an téarma Béarla schizoglossia thiar sa bhliain 1962[1] ; is dócha gurbh í Bríd Ní Mhóráin a bhain an chéad úsáid as an leagan Gaeilge scitsibhéascna sa leabhar Thiar sa Mhainistir atá an Ghaelainn bhreá - Meath na Gaeilge in Uíbh Rathach (An Sagart, an Daingean 1997).

Is éard atá i gceist leis an scitsibhéascna ná go bhfuil níos mó ná aon norm amháin ar fáil don phobal teanga agus nach bhfuil na cainteoirí cinnte cé acu norm ba chóir dóibh a úsáid leis an teanga a mhúnlú air. Mar shampla, tá cuid de lucht labhartha na Gaeilge barúlach go mba chóir dóibh cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil, cuid eile den tuairim gurbh fhearr dóibh aithris a dhéanamh ar sheanchanúint a réigiúin nó a nGaeltachta féin, fiú nuair nach ionann gramadach na canúna agus gramadach an Chaighdeáin.

Mar shampla eile: an Fhraincis chaighdeánach agus Criól Fraincise Háítí agus Béarla Caighdeánach Mheiriceá seachas an Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach. Sna cásanna seo, feictear go bhfuil ceann amháin de na teangacha go “dona”, is é sin nach teanga "cheart" í, agus ansin is iomaí cainteoir a bheadh ag iarraidh a theanga a cheartú agus a fhorcheartú agus teilgeanacha cainte nó tréithe gramadaí as an leagan "íseal" den teanga a sheachaint. Is gnách go gcuireann dearcadh diúltach ar an ngnáthurlabhra náire ar na cainteoirí faoi chineálacha úsáide teanga nach bhfuil gradam ag roinnt leo, go hoscailte nó go hindíreach, trí leas a bhaint as saintréithe teanga a bhfuil meas an phobail orthu, amhail fhuaimeanna an leagain "ardchéime" den teanga.[2]


Féach freisin

  • Leithcheal ar bhonn canúna
  • Imní faoi theanga iasachta - an easpa muiníne agus suaimhnis ar an duine atá ag foghlaim nó ag úsáid teanga iasachta

Tagairtí

  1. Einar Haugen (1962) Schizoglossia and the Linguistic Norm Monograph Series on Languages and Linguistics Ollscoil Georgetown. Eagrán 15-1962
  2. Wilma Bucci; Milton Baxter (December 1984), Annals of the New York Academy of Sciences {{citation}}: Missing or empty |title= (cabhair); Unknown parameter |teideal= ignored (cabhair)

Léitheoireacht ghaolmhar

  • Einar Haugen (1972) The Ecology of Language (Stanford University Press)