An difríocht idir athruithe ar: "Isabel Allende"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
defsort
Líne 11: Líne 11:
{{reflist}}
{{reflist}}


{{DEFAULTSORT:Allende, Isabel}}
{{síol}}

[[Catagóir:Daoine beo]]
[[Catagóir:Daoine beo]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Sileacha]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Sileacha]]

Leagan ó 18:41, 16 Bealtaine 2018

Isabel Allende in Barcelona, 2008

Scríbhneoir Sileach is ea Isabel Allende (foghraíocht in IPA: isaˈβel aˈʝende) a rugadh ar 2 Bealtaine 1942.[1][2] Tá sí aitheanta as a cuid úrscéalta, ina mbíonn gnéithe den réalachas draíochta le feiceáil, úrscéalta mar La casa de los espíritus, ("teach na dtaisí", 1982) agus La ciudad de las bestias ("Cathair na mbrúideanna", 2002). Bíonn díol maith ar a cuid leabhar. "An t-údar Spáinnise ar domhan is mó a léitear" a thugtar uirthi.[3] Sa bhliain 2004, glacadh Allende isteach insan American Academy of Arts and Letters,[4] agus sa bhliain 2010, fuair sí Gradam Náisiúnta na Litríochta sa tSile.[5] Bhronn an tUachtarán Barack Obama Bonn Shaoirse an Uachtaráin uirthi sa bhliain 2014.[6]

Bunaíonn Allende a cuid úrscéalta go minic ar a saol féin agus ar eachtraí stairiúla. Tugann siad ómós do shaol na mban, agus miotais agus réalachas fite fuaite lena chéile. Tá léachtaí tugtha ina lán áiteanna sna Stáit Aontaithe aici.

Sa bhliain 1993 ghlac sí saoránacht Mheiriceánach. Tá sí pósta ar fhear Meiriceánach, agus táid ina gcónaí i gCalifornia ón mbliain 1989 i leith.

Rugadh Allende mar Isabel Allende Llona in Líoma, Peiriú, mar a raibh a hathair, Tomás Allende, ina dhara-rúnaí in ambasáid na Sile. Ba chol ceathair leis é Salvador Allende, Uachtarán na tSile ó 1970 go 1973.

Tagairtí

  1. "24 Samhain 2014".
  2. Isabel Allende: "¡Escribo bien! Por lo menos admítanme eso" Emol, 17 Nollaig 2009
    Vengo a Chile por lo menos tres veces al año, me comunico con Chile todos los días a través de Skype con mi mamá, estoy enterada de lo que pasa y cuando me preguntan 'qué eres' digo automáticamente 'chilena'. Vivo en América, pero me siento profundamente chilena en la manera de vivir, de ser: soy mandona, metete, dominante, intrusa, hospitalaria, tribal. (Isabel Allende)
  3. Isabel Allende Named to Council of Cervantes Institute. Latin American Herald Tribune. 23 D.F. 2009
  4. "American Academy of Arts and Letters – Current Members".
  5. "Isabel Allende gana el Premio Nacional de Literatura tras intenso lobby | Cultura".
  6. "President Obama Announces the Presidential Medal of Freedom Recipients". The White House.