An difríocht idir athruithe ar: "Ronnie Drew"
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 21: | Líne 21: | ||
Bhunaigh Ronnie Drew [[The Dubliners]] in éineacht le [[Luke Kelly]], Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm ''The Ronnie Drew Group'' orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm ''The Dubliners'' chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm go rialta i dTeach Tábhairne O'Donoghue's ar [[Rae Mhuirfean]]. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil [[An Ríocht Aontaithe|na Ríochta Aontaithe]] sa bhliain 1967, mar atá, ''Seven Drunken Nights'' agus chuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, [[Top of the Pops]], chun é a chasadh. Ach chuir [[RTÉ]] cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo. |

Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile |
Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile. D'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i [[1995]]. Tugadh onóir dó mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.<ref>http://www.rte.ie/arts/2006/0823/drewr.html</ref> |
||
== |
==Bás == |
||
Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in [[Ospidéal Naomh Uinseann]] i m[[Baile Átha Cliath]].<ref>http://www.tribune.ie/news/home-news/article/2008/aug/17/folk-legend-ronnie-drew-passes-away/</ref> Bhí [[ailse]] scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.<ref>http://www.independent.ie/national-news/wife-of-dubliners-star-ronnie-drew-dies-693282.html</ref> Cuireadh é sna [[Na Clocha Liatha|Clocha Liatha]], i g[[Contae Chill Mhantáin]], áit a raibh sé ag cur faoi le fada go dtí gur bhásaigh sé.<ref>http://www.rte.ie/news/2008/0819/drewr.html</ref> Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna. |

Líne 39: | Líne 39: | ||
* Pearls (album) (le Grand Canal) (2007) |
* Pearls (album) (le Grand Canal) (2007) |
||
== |
== Tagairtí == |
||
{{reflist}} |
{{reflist}} |
||
Leagan ó 12:17, 30 Nollaig 2017
B'amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta Éireannach é Ronnie Drew (16 Meán Fómhair 1934 – 16 Lúnasa 2008). Bhí sé ina phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil thraidisiúnta The Dubliners, rud a thuill an cháil is mó dó. Chuir sé tús le gairm cheoil mar amhránaí aonair sa bhliain 1995.
Óige
Rugadh Ronnie Drew i nDún Laoghaire sa bhliain 1934. Chaith sé tamall i Sevilla na Spáinne sna 1950idí ag múineadh Béarla agus ag foghlaim cheol na Spáinne agus bhain sé líofacht amach sa Spáinnis ansin.[1]
The Dubliners
Bhunaigh Ronnie Drew The Dubliners in éineacht le Luke Kelly, Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm The Ronnie Drew Group orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm The Dubliners chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm go rialta i dTeach Tábhairne O'Donoghue's ar Rae Mhuirfean. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1967, mar atá, Seven Drunken Nights agus chuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, Top of the Pops, chun é a chasadh. Ach chuir RTÉ cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo.
Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile. D'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i 1995. Tugadh onóir dó mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.[2]
Bás
Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath.[3] Bhí ailse scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.[4] Cuireadh é sna Clocha Liatha, i gContae Chill Mhantáin, áit a raibh sé ag cur faoi le fada go dtí gur bhásaigh sé.[5] Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna.
Dioscliosta
- Ronnie Drew (1975)
- Guaranteed (1978)
- Dirty Rotten Shame (1995)
- The Humour Is On Me Now (1999)
- A Couple More Years (le Eleanor Shanley) (2000)
- An Evening With Ronnie Drew (2004)
- El Amor De Mi Vida (le Eleanor Shanley) (2006)
- A New World (EP) (2006)
- There's Life In The Old Dog Yet (2006)
- Pearls (album) (le Grand Canal) (2007)
Tagairtí
- ↑ http://www.meathchronicle.ie/articles/1/30026/
- ↑ http://www.rte.ie/arts/2006/0823/drewr.html
- ↑ http://www.tribune.ie/news/home-news/article/2008/aug/17/folk-legend-ronnie-drew-passes-away/
- ↑ http://www.independent.ie/national-news/wife-of-dubliners-star-ronnie-drew-dies-693282.html
- ↑ http://www.rte.ie/news/2008/0819/drewr.html