An difríocht idir athruithe ar: "Umberto Eco"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Fixed typo, ceartúcháin beaga litrithe agus úsáid an aimsir chaite ós rud é go bhfuair sé bás bliain go leith ó shin
clib: Mobile edit Mobile app edit
→‎Úrscéalta: Fixed typo
clib: Mobile edit Mobile app edit
Líne 28: Líne 28:
* ''Il nome della rosa'', 1980
* ''Il nome della rosa'', 1980
* ''Il pendolo de Foucault'', 1988
* ''Il pendolo de Foucault'', 1988
* ''L'isola del giorna prima'', 1994
* ''L'isola del giorno prima'', 1994
* ''Baudolino'', 2000
* ''Baudolino'', 2000
* ''La misteriosa fiamma della regina Loana'', 2004 ("Lasair rúndiamhair na banríona Loana")
* ''La misteriosa fiamma della regina Loana'', 2004 ("Lasair rúndiamhair na banríona Loana")

Leagan ó 15:10, 10 Lúnasa 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir Scríbhneoir agus scoláire ab ea Umberto Eco, a rugadh i mbaile beag darbh ainm Alessandria i bPiemonte na hIodáile ar an 5 Eanáir 1932 agus a d'éag ar 19 Feabhra 2016 i Milan. Le linn an Dara Cogadh Domhanda thug a mháthair go sráidbhaile sna sléibhte é le héalú ón chogaíocht. Theastaigh óna athair, cuntasóir, go mbeadh sé ina dhlíodóir, agus cuireadh go hollscoil Torino é, ach d'éirigh sé as an dlí. Rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar litríocht na meánaoiseanna, agus ghnóthaigh sé céim dochtúra le tráchtas faoi Thomas Aquinas i 1954.

Chaith Eco tamall ag obair le stáisiún raidió/teilifíse "Radiotelevisione Italiana", agus é ina léachtóir in Ollscoil Torino ag an am céanna. Foilsíodh a chéad leabhar, Il Problema Estetico di San Tommaso, a bhí bunaithe ar a thráchtas, i 1956. B'éigean dó éirí as a chuid oibre mar eagarthóir teilifíse mar gheall ar ualach a chuid oibre mar léachtóir, ach níorbh fhada go raibh sé ina eagarthóir neamhficsin i gcomhlacht foilsitheoireachta Casa Editrice Bopani i Milano, post a bhí aige ó 1959 go 1975. Chaith sé na blianta fada ina ollamh le séimeolaíocht in Ollscoil Bhologna.

D'fhoilsigh sé an-chuid aistí faoi litríocht na meánaoiseanna, go háirithe teoiric agus cleachtadh na litríochta. Chuir sé an-bhéim ar thábhacht an léitheora don saothar scríofa.

Ach tá cáil dhomhanda Eco bunaithe ar a chuid úrscéalta, go háirithe Il Nome della Rosa (1980), (Ainm an Róis) a raibh an-ráchairt air ar fud an domhain, go háirithe nuair a rinne scannán Béarla de faoin ainm The Name of the Rose, leis an aisteoir clúiteach Seán Connery i bpáirt manaigh a bhí ag fiosrú dúnmharaithe i mainistir.

Bronnadh gradaim gan áireamh ar Eco in ollscoileanna ar fud an domhain.

Leabharliosta

Úrscéalta

  • Il nome della rosa, 1980
  • Il pendolo de Foucault, 1988
  • L'isola del giorno prima, 1994
  • Baudolino, 2000
  • La misteriosa fiamma della regina Loana, 2004 ("Lasair rúndiamhair na banríona Loana")
  • Il cimitero di Praga, 2010 ("Reilig Phrág")
  • Numero zero, (2015 "Uimhir náid")

Neamhfhicsean roghnaithe

  • Il problema estetico in San Tommaso, 1956
  • Opera Aperta, 1962
  • Diario minimo, 1963
  • Apocalittici e integrati, 1964
  • Sviluppo dell'estetica medievale, 1985

Nascanna seachtracha