An difríocht idir athruithe ar: "Sliabh Macedon"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
mNo edit summary
Líne 23: Líne 23:
Baile beag atá suite 64 km siar ó thuaidh [[Melbourne]], príomhchathair [[Victoria]] na [[An Astráil|hAstráile]] is ea é '''Sliabh Macedon'''. Tá sé lonnaithe ar taobh an tsléibhe den ainm chéanna, tugtar '''Geboor''' (nó '''Geburrh''') uirthi ag na [[Wurundjeri]] (daoine [[Bundúchasaigh na hAstráile|Bundúchasacha]]), atá 1,001 meadár (3,284 troigh) os cionn leibhéal na mara. Dar leis an daonáireamh sa bhliain 2006, bhí 1,694 ina gcónaí i Sliabh Macedon. Tá clú agus cáil ar an mbaile de thoradh bhailiúchán ghairdíní agus tithe móra ón naoú haois déag atá suite sa bhaile, i measc na bailiúchaín is tábhachtaí san Astráil.

Bunaíodh an bhaile ag uasaicme na príomhchathair, tar éis Ruathar Óir i lár na naoú haoise déag, mar ionad samhraidh. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1870, agus thugtaí ‘Upper Macedon’ air go dtí 1879, agus ‘Macedon Upper’ go dtí 1936. Bhí Oifig an Phoist oscailte ní ba luaithe dar ainm ‘Mount Macedon’, sa bhliain 1843, ach bhí sé athainmnaithe ‘[[Kyneton]]’.
Bunaíodh an bhaile ag uasaicme na príomhchathair, tar éis Ruathar Óir i lár na naoú haoise déag, mar ionad samhraidh. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1870, agus thugtaí ‘Upper Macedon’ air go dtí 1879, agus ‘Macedon Upper’ go dtí 1936. Bhí Oifig an Phoist oscailte ní ba luaithe darbh ainm ‘Mount Macedon’, sa bhliain 1843, ach bhí sé athainmnaithe ‘[[Kyneton]]’.
Bhí an sliabh feicthe ag [[Hamilton Hume]] agus [[William Hovell]] le linn a dturas go dtí [[Port Philip]] ó [[New South Wales]]. Bhaist siad ‘Sliabh Wentworth’ air. Tugadh ainm nua air ag an taiscealaí, an Maor [[Thomas Mitchell]], a dhreap an sliabh sa bhliain 1836. Thugtaí an t-ainm sin air ar son [[Pilib, rí na Macadóine|Philib, rí na Macadóine]], toisc go bhfuil Port Philip infheicthe ó bharr an tsléibhe.

Leagan ó 10:49, 15 Feabhra 2014

Teimpléad:Bosca Sonraí - Bailte Baile beag atá suite 64 km siar ó thuaidh Melbourne, príomhchathair Victoria na hAstráile is ea é Sliabh Macedon. Tá sé lonnaithe ar taobh an tsléibhe den ainm chéanna, tugtar Geboor (nó Geburrh) uirthi ag na Wurundjeri (daoine Bundúchasacha), atá 1,001 meadár (3,284 troigh) os cionn leibhéal na mara. Dar leis an daonáireamh sa bhliain 2006, bhí 1,694 ina gcónaí i Sliabh Macedon. Tá clú agus cáil ar an mbaile de thoradh bhailiúchán ghairdíní agus tithe móra ón naoú haois déag atá suite sa bhaile, i measc na bailiúchaín is tábhachtaí san Astráil.

Bunaíodh an bhaile ag uasaicme na príomhchathair, tar éis Ruathar Óir i lár na naoú haoise déag, mar ionad samhraidh. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1870, agus thugtaí ‘Upper Macedon’ air go dtí 1879, agus ‘Macedon Upper’ go dtí 1936. Bhí Oifig an Phoist oscailte ní ba luaithe darbh ainm ‘Mount Macedon’, sa bhliain 1843, ach bhí sé athainmnaithe ‘Kyneton’.

Bhí an sliabh feicthe ag Hamilton Hume agus William Hovell le linn a dturas go dtí Port Philip ó New South Wales. Bhaist siad ‘Sliabh Wentworth’ air. Tugadh ainm nua air ag an taiscealaí, an Maor Thomas Mitchell, a dhreap an sliabh sa bhliain 1836. Thugtaí an t-ainm sin air ar son Philib, rí na Macadóine, toisc go bhfuil Port Philip infheicthe ó bharr an tsléibhe.

Go gineralta, bíonn an t-aeráid níos fuaire ná Melbourne, cé go bhfuil an chathair an-ghar don bhaile. I gcomparáid leis an gcathair agus na machairí ina thimpeall, bíonn fliuchras níos airde aige chomh maith. Cuireann sé sneachta go rialta ar mhullach an tsléibhe, ach ní mhaireann an sneachta i bhfad.

Crois Chuimhneacháin

An Chrois Chuimhneacháin ar Shliabh Macedon.

Is í an Chrois Chuimhneacháin ceann des na níthe is díol spéise do thurasóirí í sa cheantar, atá ina seasamh gar le mullach an tsléibhe. Tógadh an structúr seo ag William Cameron sa bhliain 1935 mar chuimhneachán ar son a mhic féin, agus cách a chailleadh i rith an Chéad Chogadh Domhanda. Tá ramharc iontadh maith ag mullach an tSléibhe, áit a bhfuil amhairc breátha den chathair, an Sliabhraon Dandenong, agus na You Yangs cóngarach le Geelong.

Cruit an Chamaill

Tá mullach tábhachtach eile i gceantar an tSléibhe, ‘Cruit an Chamaill’ (‘The Camel’s Hump’ i mBéarla), atá 1,011 meadár (3,317 troigh) os cionn leibhéal na mara. Tá an-suim ag dreapadóirí sa mhullach seo de thoradh an chinéal charraig bholcánach ina bhfuil sé déanta, agus cóngaracht an mhullaigh le Melbourne.

Gairdíní Príobháideacha

Raon an Ghairdín go dtí an Bothán ag Hascombe, Sliabh Macedon

Gairdín mór is ea é ‘Hascombe’’, gur leis an gcomhlacht Linfox. Bíonn lá oscailte ann gach bliain, agus téann an t-airgead go léir chuig cúiseanna carthanachta.

Tá an ghairdín ‘Alton’ suite trasna an Bhóthair Alton, os comhair Hascombe. Bhí míreanna scannáin taifeadta ann ('Macbeth' san áireamh), mar gheall ar an chuma stairiúil atá ar an teach agus an áit ina thimpeall.

Spórt

Imríonn galfairí ar an gcúrsa de chuid Chumann Galf Sliabh Macedon ar Bhóthar Sliabh Macedon.

Naisc sheachtracha

Tagáirtí