An difríocht idir athruithe ar: "Galair agus ionfhabhtaithe ghnéas-tarchurtha"
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: mk:Полово преносливи болести |
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: ml:ലൈംഗികബന്ധത്തിലൂടെ പകരുന്ന രോഗങ്ങൾ |
||
Líne 56: | Líne 56: | ||
[[lv:Seksuāli transmisīvā slimība]] |
[[lv:Seksuāli transmisīvā slimība]] |
||
[[mk:Полово преносливи болести]] |
[[mk:Полово преносливи болести]] |
||
[[ml:ലൈംഗികബന്ധത്തിലൂടെ പകരുന്ന രോഗങ്ങൾ]] |
|||
[[ms:Penyakit kelamin]] |
[[ms:Penyakit kelamin]] |
||
[[my:လိင်ဆက်ဆံမှုမှ ကူးစက်သော ရောဂါ]] |
[[my:လိင်ဆက်ဆံမှုမှ ကူးစက်သော ရောဂါ]] |
Leagan ó 15:12, 12 Eanáir 2013
Go dtí go raibh fáil ag an phobal ar chógais ghnásúla, de gnáth bhí na galair agus ionfhabhtuithe ghnéastarchurtha doleigheasta, agus ní raibh i gceist i gcóir leighis ach fuascailt na siomptóm. Ba é an "London Lock Hospital" an chéad ospidéal deonach, a bhunaíodh sa bhliain 1746, le haghaidh na galair seo a rialú agus a scriosadh
Is é atá sna galair ghnéastarchurtha (GGT) ná ionfhabhtú a spréitear ó dhuine go duine trí chaidreamh collaí. Baictéir, víris, agus orgánaigh micreascópacha atá san fhuil, sa tseamhan, i sreabháin na colainne, nó a lonnaíonn sa réimse púbasach is cúis leis na GGT. Ach amháin i gcás SEIF, is féidir cóir leighis a dhéanamh ar thromlach na GGT, chomh luath agus a dhéantar fáthmheas orthu. Is tábhachtach an rud é cóir leighis a fháil go luath mar is féidir leis na GGT buandochar trom a dhéanamh. Uaireanta eascraíonn riochtaí mar ionfhabhtú peilbheach ainsealach, riochtaí urchóideacha, neamhthorthúlacht, toircheas eicteoipeach, agus ionfhabhtú ar linbh nuabheirthe ó GGT gan chóireáil.
Rangú agus téarmeolaíocht
Go dtí na 1990idí, bhí aithne fhorleathan air GGT mar ghalair veinéireacha: sa Laidin is é 'Veneris' an tuiseal ginideach an fhocail 'Venus' ( Gaeilge 'Véineas'), bandia an ghrá a bhí ag na Rómhánaigh. Bhí frása 'galar sóisialta' úsáidte freisin mar sofhriotal. B'iad na hoifigigí sláinte poiblí a thóg isteach an téarma 'ionfhabhtú gnéastarchurtha' ( nó IGT) i dtosach.