An difríocht idir athruithe ar: "Tuiseal ochslaíoch"
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: uk:Аблатив |
m r2.5.4) (róbat ag mionathrú: es:Ablativo (gramática) |
||
Líne 27: | Líne 27: | ||
[[en:Ablative case]] |
[[en:Ablative case]] |
||
[[eo:Ablativo]] |
[[eo:Ablativo]] |
||
[[es: |
[[es:Ablativo (gramática)]] |
||
[[ext:Ablativu]] |
[[ext:Ablativu]] |
||
[[fi:Ablatiivi]] |
[[fi:Ablatiivi]] |
Leagan ó 09:20, 6 Deireadh Fómhair 2012
Sa teangeolaíocht, tugtar an tuiseal ochslaíoch (giorraithe ocs) ar thuisil i dteangacha éagsúla arb iad a shaintréith choiteann ná go gcuireann said gluaiseacht nó scaradh ó rud éigin in iúl, cé gur féidir na sonraí i ngach teanga a bheith difriúil. Tugtar ablatus air sa Laidin, an rangabháil (neamhrialta) éighníomhacha fhoirfe den fhocal auferre " iompar ar aghaidh ".
Teangacha Ind-Eorpacha
Sa Laidin, úsaidtear an tuiseal ochslaíoch go príomha go dobhriatha le briathra a mhodhnú. Tá 15 tuiseal aici, iad dhírshinsearaithe ó trí thuiseal Phróta-Ind-Eorpaise: ochslaíoch (ó), uirliseach (leis), agus áitreabhach (i / ag). Uaireanta tugtar an tuiseal dobhriathartha’ ar an ‘an tuiseal ochslaíoch’, toisc gur féidir frásaí sa tuiseal ochslaíoch a aistriú mar dobhriathair: Is féidir magnā (cum) celeritāte a aistriú mar "le luas mór" nó "go han-tapa”.
An tSean-Ghréigis
Sa Sean-Ghréigis, bhí feidhmeanna an tuisil ochslaígh tógtha ag an tuiseal ginideach, i dtreo is go raibh feidhmeanna aige a bhain le ghinideach agus le hochslaíoch na Próta-Ind-Eorpaise. Mar shampla, an tuiseal ginideach leis na réamhfhocail ἀπό apó "amach ó" agus ἐκ / ἐξ ek / ex "as".
An Albáinis
Bíonn an tuiseal ochslaíoch le fáil san Albáinis, a chúigiú tuiseal agus tugtar "mënyra rrjedhore." air.
An tSanscrait
Is é an cúigiú tuiseal é an tuiseal ochslaíoch i gcás graiméir na Sanscraite (panchami) agus bhí feidhm cosúil leis an Laidin aige.