An difríocht idir athruithe ar: "Iosrael"
mNo edit summary |
|||
Líne 86: | Líne 86: | ||
Tá an-chur ina choinne i measc Giúdaigh na tíre, go leor de ó pháirtí an Phríomh-Aire féin. Dúirt Searón cupla seachtain ó shoin go dtréigfí na 21 choilínigh Giúdacha sa Ghása agus 4 chinn ar an m[[an Bruach Iarthach|Bruach Iarthach]] ag an am chéanna, le spriocdáta ag tús 2005. |
Tá an-chur ina choinne i measc Giúdaigh na tíre, go leor de ó pháirtí an Phríomh-Aire féin. Dúirt Searón cupla seachtain ó shoin go dtréigfí na 21 choilínigh Giúdacha sa Ghása agus 4 chinn ar an m[[an Bruach Iarthach|Bruach Iarthach]] ag an am chéanna, le spriocdáta ag tús 2005. |
||
[[Rang:Tíre]] |
|||
[[af:Israel]] |
[[af:Israel]] |
||
[[ar:اسرائيل]] |
[[ar:اسرائيل]] |
Leagan ó 18:36, 16 Nollaig 2004
Tír sa Mheán Oirthear, ar bhruach thoir na Meánmhuire í Iosrael. Cuireadh an stát ar bun i 1948 nuair a bhí sí fós ina talamh cosanta faoin mBreatain, i riocht na Pailistíne. Tá daonra tuairim agus 5 milliún sa tír inniu.
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Daoine
Tá mórlach Giúdach sa tír, agus cuireadh an tír ar bun mar stát Giúdach. Mar sin féin, fanann uimhir mór Arabach sa tír, maraon le mionlaigh eile. Tá dlúthbhaint ag tailte na bPailistíneach le Iosrael maidir le cúrsaí airgid agus polataíochta, mar go noibríonn an chuid Pailistíneach in Iosrael, agus go bhfuil na céadta coilíneachtaí curtha ar bun ag Iosraelaigh den aicme chrua a dteastaíonn uathu seilbh a ghlacadh go hiomlán ar 'Iosrael stairiúil'.
Radharcanna
Is í an Mhuir Mharbh an áit is ísle ar domhain, agus téann a lán ann le snámh, rud atá an éasca, os rud é go bhfuil an uisce chomh trom le salann. Tá dún Masada fós le feiceáil, áit ar fhan buíon Giúdaigh a bhí ag cur i gcoinne na Rómhánach ar feadh trí bliana, gur mharaigh siad iad féin ar deireadh. Tógann sé trí huair a chloig dul go dtí an ard, nó is féidir dul le carr-cábla.
Stair
De réir an Bhíobla, thug Maois na hIosraelítigh go dtí an tír seo tar éis 40 bliain sa bhfásach. Bhí géarleanúint ar na hIosraelítigh le linn dóibh bheith i ngéibheann ag na Babalónaigh, agus arís cuireadh chun siúil iad tar éis am Chríost, nuair a leagadh an dara Theampaill. Níor fhan ach an-bheagán díobh sa tír go dtí gur thosaigh buíon bheag ag filleadh ag deireadh an 19ú Aois. Tar éis an ghéarleanúint a deineadh ar na Giúdaigh sa Ghearmáin agus an chuid den Eoraip a bhí ina seilbh sna 30-40í, chuaigh tuilleadh acu go dtí an tír, ach is i ndiaidh bunú stáit Iosrael i 1948 a tháinig an chuid is mó de na himircigh. Ar dtús ní raibh ach tuairim agus 7,000 Giúdach agus 700,000 Arabaigh Pailistíneacha sa tír, ach inniu tá os cionn 4 miliún Giúdach ann.
Stadas Pholaitiúil na hIosraela
Tosóidh Iosrael ag tarraingt amach ó Stríoca an Gása i samhradh n bliana 2005, de réir ráitis a chuir Airiél Searón, Príomhaire Iosrael amach i Meán Fómhair, 2004, agus tógfaidh sé 12 seachtain. Ba mhalairt scéala é seo ó ráitis níos tuaisce, nuair a dúirt sé go dtarraingeofaí amach níos luaithe. Tá an-chur ina choinne i measc Giúdaigh na tíre, go leor de ó pháirtí an Phríomh-Aire féin. Dúirt Searón cupla seachtain ó shoin go dtréigfí na 21 choilínigh Giúdacha sa Ghása agus 4 chinn ar an mBruach Iarthach ag an am chéanna, le spriocdáta ag tús 2005.