An difríocht idir athruithe ar: "Blag"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
HRoestBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: rw:Blog
m r2.6.5) (róbat ag baint: rw:Blog
Líne 79: Líne 79:
[[ro:Blog]]
[[ro:Blog]]
[[ru:Блог]]
[[ru:Блог]]
[[rw:Blog]]
[[sh:Blog]]
[[sh:Blog]]
[[si:වියුණු සටහන]]
[[si:වියුණු සටහන]]

Leagan ó 14:43, 6 Aibreán 2011

Is éard is blag ann ná dialann idirlín, nó leathanach gréasáin a gcuirtear iontrálacha nua leis i rith an ama, agus na hiontrálacha á gcur ar taispeáint ionas gurb í an iontráil is úire an ceann is airde thuas. Tá an focal féin, blog as Béarla, bunaithe ar an téarma weblogweb logbook, is é sin, logleabhar gréasáin.

Is féidir a rá gurbh é an nuachtghrúpa (is éard is nuachtghrúpa ann ná an téarma a thagraíonn do chláracha plé ar an gcóras úd Usenet) "mod.ber" an chéad bhlag a bhí ann riamh. Ba é Brian E. Redman a bhunaigh an nuachtghrúpa seo sa bhliain 1983. Bhí úsáid an fhóraim diospóireachta á baint as cosúil leis na nuachtghrúpaí eile, ach ba nós le Redman achoimrí tráthrialta a thabhairt ar na diospóireachtaí deireanacha agus ar rudaí spéisiúla eile a bhí ar siúl ar an Usenet. Níor mhair "mod.ber" ach ocht mí.

Thosaigh na dialanna Idirlín ag dul i bhfairsinge timpeall na bliana 1994, ach níor cumadh an téarma sin "blog" ach sa bhliain 1999. Ba é Jorn Barger a cheap an téarma "weblog", agus is éard a bhí i gceist aige ná fíor-logleabhar gréasáin, is é sin, dialann scimeála Idirlín ina dtugadh sé cur síos ar rudaí spéisiúla éagsúla ar tháinig sé trasna orthu ar a chamchuairt ar an nGréasán. Ba é Peter Merholz, áfach, a rinne an athanailis ar an bhfocal "weblog" mar "we blog", agus go gasta ina dhiaidh sin, thosaigh na daoine ag tagairt don "bhlagáil", is é sin, ag baint úsáide as an mbriathar úd to blog sa chiall "do logleabhar gréasáin a leasú, ábhar nua a chur leis".

Faoin am sin a chuaigh na blaganna i bhfairsinge, agus bunaíodh láithreáin Ghréasáin a bhí deartha le haghaidh bhlagadóirí, agus iad ag tairiscint uirlisí agus bogearraí le haghaidh blagála. Ba é an tOpen Diary, a hosclaíodh i Mí Dheireadh Fómhair 1998. An bhliain a bhí chugainn, bhunaigh Brad Fitzpatrick, ceannródaí blagála, an pobal Gréasáin úd LiveJournal. Ba iad Evan Williams agus Meg Hourihan a chuir tús le Blogger.com sa bhliain chéanna.

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR