An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Rósanna"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
+WD
Líne 1: Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Imeacht}}
[[Íomhá:Red Rose Badge of Lancaster.svg|thumb|deas|110px|Rós dearg - Siombail Lancaster]]

[[Íomhá:White Rose Badge of York.svg|thumb|deas|110px|Rós bán - Siombail Eabhrac]]
[[Íomhá:Tudor Rose.svg|thumb|deas|110px|Rós dearg-is-bán - Siombail na dTúdarach]]
[[Íomhá:Tudor Rose.svg|mion|clé|110px|Rós dearg-is-bán - Siombail na dTúdarach]]


Ba shraith [[Cogadh|cogaí]] cathartha i [[Sasana]] na [[An Mheánaois|meánaois]]<nowiki/>eanna é '''Cogadh na Rósanna''' (1455–1489). Bhí coimhlint idir Teaghlach [[Lancaster, Lancashire|Lancaster]] agus Teaghlach [[Eabhrac]] le haghaidh [[Coróin|choróin]] Shasana. Shíolraigh an dá dhream ó [[Éadbhard III Shasana]] agus ó [[teaghlach na bPlantaigíneach|theaghlach na bPlantaigíneach]]. Tháinig deireadh leis nuair a tháinig [[Anraí VII Shasana|Anraí Túdar]] i gcoróin.
Ba shraith [[Cogadh|cogaí]] cathartha i [[Sasana]] na [[An Mheánaois|meánaois]]<nowiki/>eanna é '''Cogadh na Rósanna''' (1455–1489). Bhí coimhlint idir Teaghlach [[Lancaster, Lancashire|Lancaster]] agus Teaghlach [[Eabhrac]] le haghaidh [[Coróin|choróin]] Shasana. Shíolraigh an dá dhream ó [[Éadbhard III Shasana]] agus ó [[teaghlach na bPlantaigíneach|theaghlach na bPlantaigíneach]]. Tháinig deireadh leis nuair a tháinig [[Anraí VII Shasana|Anraí Túdar]] i gcoróin.
Líne 20: Líne 20:
== Tagairtí ==
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{Reflist}}

{{DEFAULTSORT:Cogadh na Rósanna}}
{{DEFAULTSORT:Cogadh na Rósanna}}
[[Catagóir:15ú haois]]
[[Catagóir:15ú haois]]

Leagan ó 01:33, 15 Meán Fómhair 2022

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh na Rósanna
Íomhá
Cineálcogadh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse22 Bealtaine 1455 (Féilire Ghréagóra) - 16 Meitheamh 1487 (Féilire Ghréagóra)
Dáta na bliana15 haois Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


Rós dearg-is-bán - Siombail na dTúdarach

Ba shraith cogaí cathartha i Sasana na meánaoiseanna é Cogadh na Rósanna (1455–1489). Bhí coimhlint idir Teaghlach Lancaster agus Teaghlach Eabhrac le haghaidh choróin Shasana. Shíolraigh an dá dhream ó Éadbhard III Shasana agus ó theaghlach na bPlantaigíneach. Tháinig deireadh leis nuair a tháinig Anraí Túdar i gcoróin.

Ainm

Baisteadh an t-ainm úd Cogadh (nó Cogaí) na Rósanna ar an gcoimhlint na céadta blianta ina dhiaidh, bunaithe ar shiombailí an dá thaobh, mar dhea, mar atá, rós dearg Lancaster agus rós bán Eabhrac. Déanta na fírinne, is ar éigean a úsáideadh rós dearg chun Teaghlach Lancaster a shiombalú ar chor ar bith ach go dtí deireadh an chogaidh, tar éis do Theaghlach na dTúdarach (craobh de Theaghlach Lancaster) an cogadh a bhuachan ag Cath Pháirc Bosworth. Thosaigh Anraí VII Túdar, a phós Eilís Eabhrac i 1486, ag baint úsáid as rós dearg-is-bán mar a shuaitheantas chun aontacht an dá theaghlach a léiriú.

Tús na Coimhlinte

Bhí Anraí VI Lancaster ina rí ar Shasana agus ar chuid den Fhrainc (bhí Cogadh na gCéad mBliana ar siúl ag an am, ina raibh ríthe Shasana sa tóir ar choróin na Fraince) agus ina thiarna ar Éirinn ó fuair a athair Anraí V Shasana bás i 1422 agus Anraí óg ina leanbh. Le 1453, chaill Sasana an talamh ar fad a bhí acu sa Fhrainc seachas Calais, agus theip ar na néaróga ag Anraí Rí. Le linn éagruas Anraí, ceapadh Risteard, 2ú Diúc Eabhrac ina Thiarna Cosantóra, ar mhac garmhac le hÉadbhard III agus mac gariníon mac Éadbhard III é. Ghabh Risteard a namhad an Diúc Somerset, gaol eile leis an teaghlach ríoga agus príomhchomhairleoir an rí, agus chuir i dTúr Londan é.

I 1454, áfach, tháinig Anraí VI chuige féin arís, agus scaoileadh saor Somerset. Ar eagla go mbeadh air íoc as a rinne sé, thóg Risteard Eabhrac arm agus mháirseáil sé i dtreo Londan. Bhuail sé le harm an rí, a raibh an Diúc Buckingham i gceannas air, in St Albans i 1455. Cheap an rí Buckingham mar cheannasaí an airm in ionad Somerset ag an nóiméad deiridh, agus bhuaigh arm Eabhrac i gCéad Chath St Albans ar aon nós. Maraíodh Somerset, agus gabhadh an rí agus tógadh ar ais chuig Londain é. Buaileadh Anraí le meabhairghalar arís, agus arís eile ceapadh Risteard mar Thiarna Cosantóra. Tháinig an rí chuige féin arís an bhliain dar gcionn agus as sin amach, ba í an Bhanríon Margaret Anjou an duine is cumhachtaí i gcomhairle an rí, ach shuigh Risteard ann fós. I 1459, thosaigh Eabhrac agus a chomhghuaillí, an Diúc Warwick, ag tógáil airm arís agus bhris cogadh amach idir iad agus fórsaí Lancaster óir bhí Risteard Eabhrac ag iarraidh na corónach. Níor bhuaigh sé riamh í, ach tar éis a bháis, tháinig a mhac Éadbhard IV i gcoróin níos déanaí sa choimhlint.

Féach freisin

Tagairtí