An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Rósanna"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 7: Líne 7:
==Ainm==
==Ainm==
Baisteadh an t-ainm úd Cogadh (nó Cogaí) na Rósanna ar an gcoimhlint na céadta blianta ina dhiaidh, bunaithe ar shiombailí an dá thaobh, mar dhea, mar atá, rós dearg Lancaster agus rós bán Eabhrac. Déanta na fírinne, is ar éigean a úsáideadh rós dearg chun Teaghlach Lancaster a shiombalú ar chor ar bith ach go dtí deireadh an chogaidh, tar éis do [[Teaghlach na dTúdarach|Theaghlach na dTúdarach]] (craobh de Theaghlach Lancaster) an cogadh a bhuachan ag [[Cath Pháirc Bosworth]]. Thosaigh Anraí VII Túdar, a phós [[Eilís Eabhrac]] i 1486, ag baint úsáid as rós dearg-is-bán mar a shuaitheantas chun aontacht an dá theaghlach a léiriú.
Baisteadh an t-ainm úd Cogadh (nó Cogaí) na Rósanna ar an gcoimhlint na céadta blianta ina dhiaidh, bunaithe ar shiombailí an dá thaobh, mar dhea, mar atá, rós dearg Lancaster agus rós bán Eabhrac. Déanta na fírinne, is ar éigean a úsáideadh rós dearg chun Teaghlach Lancaster a shiombalú ar chor ar bith ach go dtí deireadh an chogaidh, tar éis do [[Teaghlach na dTúdarach|Theaghlach na dTúdarach]] (craobh de Theaghlach Lancaster) an cogadh a bhuachan ag [[Cath Pháirc Bosworth]]. Thosaigh Anraí VII Túdar, a phós [[Eilís Eabhrac]] i 1486, ag baint úsáid as rós dearg-is-bán mar a shuaitheantas chun aontacht an dá theaghlach a léiriú.

==Tús na Coimhlinte==
Bhí [[Anraí VI Shasana|Anraí VI Lancaster]] ina rí ar Shasana agus ar chuid den [[an Fhrainc|Fhrainc]] (bhí [[Cogadh na gCéad mBliana]] ar siúl ag an am, ina raibh ríthe Shasana ar tóir choróin na Fraince) agus ina [[Tiarnas na hÉireann|thiarna ar Éirinn]] ó fuair a athair [[Anraí V Shasana]] bás i 1422 agus Anraí óg ina leanbh. Le 1453, chaill Sasana an talamh ar fad a bhí acu sa Fhrainc seachas [[Calais]], agus theip ar na néaróga ag Anraí Rí. Le linn éagruas Anraí, ceapadh [[Risteard, 2ú Diúc Eabhrac]] ina Thiarna Cosantóra, ar mhac garmhac le h[[Éadbhard III Shasana|Éadbhard III]] agus mac gariníon mac Éadbhard III é. Ghabh Risteard a namhad an Diúc Somerset, gaol eile leis an teaghlach ríoga agus príomhchomhairleoir an rí, agus chuir i d[[Túr Londan]] é.

I 1454, áfach, tháinig Anraí VI chuige féin arís, agus scaoileadh saor Somerset. Ar eagla go mbeadh air íoc as a rinne sé, thóg Risteard Eabhrac arm agus mháirseáil sé i dtreo Londan. Bhuail sé le harm an rí, a raibh an Diúc Buckingham i gceannas air, in [[St Albans]] i 1455. Cheap an rí Buckingham mar cheannasaí an airm in ionad Somerset ag an nóiméad deiridh, agus bhuaigh arm Eabhrac i g[[Céad Chath St Albans]] ar aon nós. Maraíodh Somerset, agus gabhadh an rí agus tógadh ar ais chuig Londain é. Buaileadh Anraí le meabhairghalar arís, agus arís eile ceapadh Risteard mar Thiarna Cosantóra. Tháinig an rí chuige féin arís an bhliain dar gcionn agus as sin amach, ba í an Bhanríon Margaret Anjou an duine is cumhachtaí i gcomhairle an rí, ach shuigh Risteard ann fós. I 1459, thosaigh Eabhrac agus a chomhghuaillí, an Diúc Warwick, ag tógáil airm arís agus bhris cogadh amach idir iad agus fórsaí Lancaster óir bhí Risteard Eabhrac ag iarraidh an choróin. Níor bhuaigh sé riamh í, ach tar éis a bháis, tháinig a mhac [[Éadbhard IV Shasana|Éadbhard IV]] i gcoróin níos déanaí sa choimhlint.


== Féach freisin ==
== Féach freisin ==

Leagan ó 21:45, 31 Bealtaine 2022

Rós dearg - Siombail Lancaster
Rós bán - Siombail Eabhrac
Rós dearg-is-bán - Siombail na dTúdarach

Ba shraith cogaí cathartha i Sasana na meánaoiseanna é Cogadh na Rósanna (1455–1489). Bhí coimhlint idir Teaghlach Lancaster agus Teaghlach Eabhrac le haghaidh choróin Shasana. Shíolraigh an dá dhream ó Éadbhard III Shasana agus ó theaghlach na bPlantaigíneach. Tháinig deireadh leis nuair a tháinig Anraí Túdar i gcoróin.

Ainm

Baisteadh an t-ainm úd Cogadh (nó Cogaí) na Rósanna ar an gcoimhlint na céadta blianta ina dhiaidh, bunaithe ar shiombailí an dá thaobh, mar dhea, mar atá, rós dearg Lancaster agus rós bán Eabhrac. Déanta na fírinne, is ar éigean a úsáideadh rós dearg chun Teaghlach Lancaster a shiombalú ar chor ar bith ach go dtí deireadh an chogaidh, tar éis do Theaghlach na dTúdarach (craobh de Theaghlach Lancaster) an cogadh a bhuachan ag Cath Pháirc Bosworth. Thosaigh Anraí VII Túdar, a phós Eilís Eabhrac i 1486, ag baint úsáid as rós dearg-is-bán mar a shuaitheantas chun aontacht an dá theaghlach a léiriú.

Tús na Coimhlinte

Bhí Anraí VI Lancaster ina rí ar Shasana agus ar chuid den Fhrainc (bhí Cogadh na gCéad mBliana ar siúl ag an am, ina raibh ríthe Shasana ar tóir choróin na Fraince) agus ina thiarna ar Éirinn ó fuair a athair Anraí V Shasana bás i 1422 agus Anraí óg ina leanbh. Le 1453, chaill Sasana an talamh ar fad a bhí acu sa Fhrainc seachas Calais, agus theip ar na néaróga ag Anraí Rí. Le linn éagruas Anraí, ceapadh Risteard, 2ú Diúc Eabhrac ina Thiarna Cosantóra, ar mhac garmhac le hÉadbhard III agus mac gariníon mac Éadbhard III é. Ghabh Risteard a namhad an Diúc Somerset, gaol eile leis an teaghlach ríoga agus príomhchomhairleoir an rí, agus chuir i dTúr Londan é.

I 1454, áfach, tháinig Anraí VI chuige féin arís, agus scaoileadh saor Somerset. Ar eagla go mbeadh air íoc as a rinne sé, thóg Risteard Eabhrac arm agus mháirseáil sé i dtreo Londan. Bhuail sé le harm an rí, a raibh an Diúc Buckingham i gceannas air, in St Albans i 1455. Cheap an rí Buckingham mar cheannasaí an airm in ionad Somerset ag an nóiméad deiridh, agus bhuaigh arm Eabhrac i gCéad Chath St Albans ar aon nós. Maraíodh Somerset, agus gabhadh an rí agus tógadh ar ais chuig Londain é. Buaileadh Anraí le meabhairghalar arís, agus arís eile ceapadh Risteard mar Thiarna Cosantóra. Tháinig an rí chuige féin arís an bhliain dar gcionn agus as sin amach, ba í an Bhanríon Margaret Anjou an duine is cumhachtaí i gcomhairle an rí, ach shuigh Risteard ann fós. I 1459, thosaigh Eabhrac agus a chomhghuaillí, an Diúc Warwick, ag tógáil airm arís agus bhris cogadh amach idir iad agus fórsaí Lancaster óir bhí Risteard Eabhrac ag iarraidh an choróin. Níor bhuaigh sé riamh í, ach tar éis a bháis, tháinig a mhac Éadbhard IV i gcoróin níos déanaí sa choimhlint.

Féach freisin

Tagairtí