Sonderkommando na gcampaí géibhinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSonderkommando na gcampaí géibhinn
Sonraí
Cineáleagraíocht armtha
grúpa daoine Cuir in eagar ar Wikidata
Sonderkommando sa champa Janowska

Is éard a bhí i gceist leis na Sonderkommando na gcampaí géibhinnGiúdaigh (de ghnáth) a bhí ag comhoibriú leis na Naitsithe agus iad ag coinneáil na seomraí gáis sna campaí géibhinn i bhfeidhm fiú.

Ar an 7 Deireadh Fómhair 1944, d'éirigh na Sonderkommando amach in Auschwitz. Shéid na Sonderkommando ceann de na créamatóiriamaí san aer leis an ábhar pléasctha, a bhí smuigleáilte isteach ó mhonarcha na n-arm ag na mná a bhí ag obair ansin. D'fhéach na príosúnaigh ansin le héalú ón gcampa. Rugadh orthu go gairid áfach, agus maraíodh gach mac máthar acu ina dhiaidh sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]