Soiriáis
Jump to navigation
Jump to search
Neamhord coitianta craicinn, seasmhach nó athfhillteach, ina dtarlaíonn paistí beaga dearga lannacha tochasacha ar chisil dhromchlacha an chraicinn. Cuireann na loit isteach go príomha ar na huillinneacha, na glúine, an phlait, is na hingne. Ní heol cén fáth go dtarlaíonn sí, ach méadaíonn ráta athraithe na mbonncheall sa chraiceann. Is anróiteach an riocht do dhuine, ach is annamh a bhíonn sí baolach dá bheatha muna mbíonn sí an-dian an-fhorleathan.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |