Snag (éan)
Jump to navigation
Jump to search
Snag | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
|
Is éan é an Snag Is baill d'fhine na Certhiidae iad. Éan a áitríonn coillte le crainn fhásta is coirt gharbh orthu. Is ball d'fhine na Certhiidae é. Gob fada cuarach aige, agus crúba fada atá oiriúnach chun greim a fháil ar an gcoirt. Itheann sé na feithidí a bhíonn istigh i ngága sa choirt, agus is féidir leis siúl suas an choirt á gcuardach, an t-aon éan in Éirinn ar féidir leis an cleas seo a dhéanamh. Téann sé ar an bhfara, a bholg brúite i log sa choirt is a chrúba greamaithe leis an gcoirt taobh amuigh. Déanann sé a nead i bpoll sa chrann as slaitíní le cleití mar líneáil taobh istigh. Tógann sé dhá ál sa bhliain.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |