Smionagar satailítí
Cuma
(Athsheolta ó Smionagar saitilítí)
Cuid mhaith os cionn 10,000 réad inbhraite atá i bhfithisí sa spás timpeall an Domhain. Satailítí teileachumarsáide, aimsire is míleata cuid acu, ach is satailítí caite is smionagar satailítí an chuid is mó. I 1970 ní raibh ach 200 réad inbhraite mar sin. Seans go bhfuil na billiúin réad beag do-bhraite thuas i bhfithisí os ár gcionn anois. Cruthaítear tuilleadh réada sna fithisí sin le himbhuailtí ardluais eatarthu. Tá baol ann go millfidh a leithéid d'imbhualadh satailít nó spásárthach fíorchostasach. Is gá gach iarracht a dhéanamh gan cur leis an mbruscar spáis, agus an smionagar atá ann a ghlanadh suas an oiread agus is féidir.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Smionagar saitilítí (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 608.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |