An tSlí Mhór
Is é an tSlí Mhór ceann de na cúig phríomhbhóthar a chuaigh i dtreo na Teamhrach sa chianaimsir in Éirinn. Bhí na bóithre seo luaite in Annála na gCeithre Máistrí, M123.2:
A n-oidhce geine Cuinn forrith cóicc príomhróid go Temhraigh na ro taidhbhredh riamh go sin. At iatt a n-anmanna, Slighe Asail, Slighe Miodhluachra, Slíghe Cualann, Slighe Mór, Slighe Dála. Slighe Mór tra as isidhe Esccir Riada .i. sabhronna Ereann a dó etir Chonn & Eoghan Mór.[1]
De réir P. W. Joyce, chuaigh an tSlí Mhór siar ó dheas ó Theamhair go dtí gur shroich sé an Eiscir Riada in aice le Cluain Ioraird i gContae na Mí, agus lean sé an eiscir den chuid is mó (ar thalamh a bhí níos airde níos tirime ná an talamh portaigh i lár na tíre) go dtí gur tháinig sé go Gaillimh. Tá codanna den bhóthar seo fós in úsáid.[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An tSlí Mór
- A road on the long ridge: in search of the ancient highway on the Esker Riada — leabhar faoin tSlí Mhór le Hermann Geissel
- An tSlí Mhór — sraith faisnéise faoin tSlí Mhór ar TG4.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Part 27 of Annals of the Four Masters".
- ↑ P. W. Joyce (1906). "A Smaller Social History of Ancient Ireland".