Sliabh Logan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sliabh Logan, radharc anoir aduaidh

Is é Sliabh Logan an sliabh is airde i gCeanada agus an dara sliabh is airde i Meiriceá Thuaidh, i ndiaidh Denali (Sliabh Mc Kinley). Ainmníodh an sliabh i ndiaidh Sir William Edmond Logan, geolaí Ceanadach agus fundúir Suirbhéireacht Gheolaíocht Cheanada (Béarla: Geological Survey of Canada nó GSC). Tá Sliabh Logan suite in bPáirc Náisiúnta agus Comarclann in iardheisceart Yukon agus is é Sliabh Logan foinse an dá oighearshruth úd, Hubbard agus Logan. Creidtear go gurb í bun-imlíne Shliabh Logan an ceann is mó ag sliabh neamhbholcánach ar bith eile ar domhan (tá cuid mhaith sciath-bholcán a bhfuil méid i bhfad níos mó acu). Tá 11 bhinn ag Sliabh Logan níos mó ná 5,000 méadar (16,400 troighe) ar airde.

Tá Sliabh Logan ag síor-ardú mar gheall ar fórsaí ardaithe teicteonacha. Roimh an bhliain 1992, ní raibh airde Shliabh Logan ar eolas ag éinne go beacht. Sa bhliain sin, chuaigh foireann de chuid an GSC suas an sliabh agus bhain siad úsáid as GPS le hairde an tsléibhe a mheas: 5,959m (19,551tr) a bhí an bhinn ab airde ag an nóiméad úd. Ba sa bhliain 1925 ar bhain daoine barr an tsléibhe amach don chéad uair. Thóg sé 65 lá le foireann idirnáisiúnta faoi Albert H. MacCarthy, Ceanadach, an turas ón mbaile beag ba chóngaraí (McCarthy an t'ainm atá ar an mbailese freisin mar a tharlaíonn) go dtí mullach an tsléibhe agus ar ais.