Sléacht Jallianwala Bagh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Jallianwala Bagh
Íomhá
Map
 31°37′14″N 74°52′50″E / 31.6206°N 74.8806°E / 31.6206; 74.8806
Cineáldúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana13 Aibreán 1919 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhJallianwala Bagh, An India (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírRéimeas Briotanach Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna379 Cuir in eagar ar Wikidata


Leac chuimhneacháin i Jallianwala Bagh ar son na marbh

Tugtar Sléacht Jallianwala BaghSléacht Amritsar ar an eachtra a tharla san Jallianwala Bagh (páirc an phobail), i gcathair Amritsar sa Phunjab, an 13 Aibreán, 1919, nuair a scaoil buíon de chuid Arm Briotanach na hIndia, faoi cheannas an Briogáidire-Ghinearál Reginald Dyer, ar shlua daoine. idir páistí, fir agus mná. agus iad neamharmtha.

Lean tréanbhabhta lámhaigh ar feadh 10 nóiméad. Caitheadh - is cosúil - 1650 piléar amach, nó 33 piléar do gach saighdiúir, de réir fhigiúirí an rialtais[1].

An Tobar

Básanna agus fiosrúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir foinsí oifigiúla an Raj Briotanach maraíodh 379. De réir foinsí neamhoifigiúla maraíodh níos mó ná 1000, agus goineadh níos mó ná 2000. Thug an Dr. Smyth (máinlia sibhialta) le fios go raibh 1,526 taismeach.

Shocraigh an Coiste Fiosrúcháin maidir le hAinrialacha (Coimisiún Hunter) d'aon ghuth go ndearna Col Dwyer earráid thromchúiseach nuair a lean sé leis an scaoileadh leis an slua ar feadh tréimhse chomh fada sin; chuir na baill Indiacha den Choimisiún tuairisc mhionlaigh amach, a cháin an chaoi an-lochtach ar láimhseáil sé an scéal ó thús deireadh agus a chuid gníomhaíochtaí mar "mídhaonna agus neamh-Bhriotanach".[2]

Go nuige seo sheachnaigh rialtas na Breataine leithscéal sainráite a thabhairt maidir leis an sléacht, cé gur chuir Príomhairí i ndiaidh a chéile síos air mar eachtra “náireach”.

Baint le hÉirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Dyer oilte i gCorcaigh mar oifigeach airm.

Bhí an leifteanantghobharnóir i bPuinseáb ag an am, Michael O'Dwyer, as Baile an Bharúin, Tiobraid Árann.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh ar Dyer aghaidh ar thabhairt ar ghníomh araíonachta nó ceartas sibhialta nó míleata, ach amháin go bhfuarthas ciontach i bhfaillí dualgais, baineadh a cheannas de agus athghaireadh chun na Breataine é.[2] Fuair Dyer fáilte an ghaiscígh nuair a dfhill sé abhaile. Bhí go leor síntiús á dtabhairt, GBP 26,000 in iomlán, méid ollmhór airgid ag an am.[3]

Séadchomhartha agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1920, bunaíodh iontaobhas chun cuimhneacháin a thógáil ar an suíomh, tar éis a ritheadh rún ag an gComhdháil Náisiúnta Indiach. Sa bhliain 1923, cheannaigh an t - iontaobhas talamh don tionscadal. Tógadh cuimhneachán, a dhear an t-ailtire Meiriceánach Benjamin Polk, ar an suíomh agus chuir Uachtarán na hIndia Rajendra Prasad tús leis ar an 13 Aibreán 1961, i láthair bhí Jawaharlal Nehru agus ceannairí eile. Cuireadh lasair leis an suíomh ina dhiaidh sin.

Fanann na marcanna piléar ar na ballaí agus ar na foirgnimh in aice leo go dtí an lá atá inniu ann. Is é an tobar inar léim go leor daoine agus inar bádh iad ag iarraidh iad féin a shábháil ó na hurchair ná séadchomhartha cosanta taobh istigh den pháirc.

Rinne Uifham Singh[4] (a bhí i láthair nuair a tharla an sléacht) An Ridire Mícheál Ó Dubhuir (a bhí ina Leifteanant-Ghobharnóir ar Phuinseáb ag am an tsléachta) a fheallmharú i Londain sa bhliain 1940. Crochadh é.

Poill urchair sa bhalla ag cuimhneachán Jallianwala Bagh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nigel Collett (15/10/2006). "The Butcher of Amritsar: General Reginald Dyer" A&C Black. p. 262. ISBN 978-1-85285-575-8. 
  2. 2.0 2.1 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Cothrom lá Shléacht Amritsar". Dáta rochtana: 2021.
  3. "The Butcher of Amritsar" (as en) (2020-09-10). Wikipedia. 
  4. "Udham Singh" (as en) (2021-04-03). Wikipedia.