Sionnach mara
Cuma
Alopias | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Chondrichthyes |
Ord | Lamniformes |
Fine | Alopiidae |
Géineas | Alopias Rafinesque, 1810 |
Is éard is sionnach mara ann ná liamhán mór an-oirirc a mhaireann gar do dhromchla na farraige, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha. Aithnítear go héasca é as an maothán an-fhada uachtarach ar a eireaball, a fhéadfaidh a bheith leath chomh fada arís lena cholainn. Baineann sé feidhm as an maothán seo chun báirí iasc a locadh trí dhromchla an uisce a ghreadadh. A cholainn suas le 6 m ar fhad.[1]
Cuimsíonn na sionnaigh mhara fine tacsanomaíochta darb ainm Alopiidae, ina bhfuil géineas amháin (Alopias), agus trí speiceas bheo:
- Alopias pelagicus H. Nakamura, 1935 (sionnach mara peiligeach)
- Alopias superciliosus R. T. Lowe, 1841 (sionnach mara mórshúileach)[2]
- Alopias vulpinus Bonnaterre, 1788 (ar a dtugtar sionnach mara freisin)[3]
Tagann ainm na fine agus ainm an ghéinis ón fhocal Gréigise ἀλώπηξ a chiallaíonn “sionnach”.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sionnach mara". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 603.
- ↑ ““Alopias superciliosus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-10.
- ↑ ““Alopias vulpinus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-10.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |