Siondróm Tourette
Jump to navigation
Jump to search
Neamhord tearc nach eol cén fáth go dtarlaíonn sé. Is amhlaidh a dhéanann duine gluaiseachtaí tréimhsiúla matán is rachtanna guthacha, gan a bheith in ann é féin a shrianadh. De ghnáth baineann preabanna matánacha leis an aghaidh i bhfoirm grainceanna is caochadh súl. Tarlaíonn fuaimnithe arda, gnúsachtaí is glórtha, frásaí gearra nó gáirsiúlacht dhoshrianta. Na preabanna matánacha níos measa nuair a bhíonn duine faoi strus mothúchánach, ach ní bhíonn an t-iompar seo i láthair le linn codlata. Tarlaíonn sé níos minice do buachaillí ná cailíní, agus tosaíonn nuair a bhíonn duine 7-8 mbliain d'aois. Ní trom an neamhord é, ach is féidir go mbeidh sé an-réabach dá shaol, dá scolaíocht go háirithe, agus ina chúis náire do dhaoine fásta.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |