Silas Aaron Hardoon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSilas Aaron Hardoon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1851
Bagdad Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1931
79/80 bliana d'aois
Shang-hai Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfiontraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

B'fhear gnó saibhir agus pearsa dhea-aitheanta i gcathair Shang-hai é Silas Aaron Hardoon (Sínis: 哈同; pinyin: Hātóng; 1851–1931) sa luath 20ú haois.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin ainm Saleh Hardoon (סאלח חרדון) a rugadh Silas, agus ba de theaghlach bocht Giúdach é i mBagdad.[1][2] D'fhág a theaghlach Bagdad le dul go Mumbai, an India, áit a bhfuair sé a chuid oideachais ag scoil carthanach, maoinithe ag David Sassoon.

Bóthar Nanjing sna 1930í

Sa bhliain 1868, thaistil Silas go dtí an chathair Shanghai (an tSín), áit a raibh sé fostaithe ag 'David Sassoon & Company', mar bhailitheoir cíosa agus mar fhear faire. D'éirigh leis ardú céime a bhaint amach go tapa san chuideachta, ag  taispeáint tallann mar fhorbróir eastát réadach. Tar éis dó David Sassoon & Company a fhágáil sa bhliain 1882, rinne sé iarracht a chuideachta thrádála cadás féin a chur ar bun. Tar éis trí bliana áfach, d'éirigh sé as a ghnó agus chuaigh sé isteach in 'E. D. Sassoon's and Company' mar bhainisteoir brainse i Shanghai

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Scribe (2002).
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Hardoons (2008).