Shane Ó Curraighín
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Teileann |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
Áit chónaithe | Dún na nGall |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir |
Fostóir | Raidió Teilifís Éireann |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is iriseoir as Gaeltacht Thír Chonaill é Shane Ó Curraighín, atá ina Chomhfhreagraí an Iarthuaiscirt ag RTÉ, agus na blianta caite aige ag obair ar chláracha nuachta TG4 agus RTÉ.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]As Teileann in iardheisceart Dhún na nGall dó.
Thosaigh Ó Curraighín ina iriseoir ilmheáin le RTÉ sa bhliain 2016.
Is ag obair ar an gclár cúrsaí reatha Gaeilge 7Lá a bhí Ó Curraighín ó 2021 go dtí 2024.
Tháinig sé i gcomharbacht ar Eileen Magnier in 2024. Tá Ó Curraighín ag tuairisciú ar chúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, cultúir agus polaitíochta i réigiún an Iarthuaiscirt lena n-áirítear Dún na nGall, Liatroim agus Sligeach.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Iriseoir as Gaeltacht Thír Chonaill ceaptha ina Chomhfhreagraí an Iarthuaiscirt ag RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-09). Dáta rochtana: 2024-07-09.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |