Jump to content

Shadowmarch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is teitrealóg í an tsraith úrscéalta dar teideal Shadowmarch (Gaeilge: Scáthchríoch) le Tad Williams. Foilsíodh an chéad leabhar, den teideal céanna leis an tsraith, sa bhliain 2004. Foilsíodh an dara leabhar sa tsraith, Shadowplay (Gaeilge:Scáthspraoi) in 2007, an tríú leabhar Shadowrise (Gaeilge:Scáthéirí) in 2010 agus an leabhar deireanach Shadowheart (Gaeilge:Scáthchroí) ag deireadh 2010.

Leabhair na Sraithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Scáthchríoch, Samhain 2004.
  • Scáthspraoi, Márta 2007.
  • Scáthéirí, Márta 2010.
  • Scáthchroí, Samhain 2010.

Bhí sé de rún ag Williams tríológ a scríobh i dtosach báire, ach d'éirigh scéal an leabhair deiridh chomh casta sin gur shocraigh sé agus a fhoilsitheoirí an tríú leabhar a scarúint ina dhá úrscéal, agus eisíodh an péire acu in 2010.

Léarscáil as Gaeilge d'Eion na Sraithe 'Shadowmarch' le Tad Williams

Achoimre ar Phlota an tSága

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn mórán na n-eachtraí i gcaisleán agus i gcúige darb ainm An Chríoch Theas (Southmarch), suite i dtuaisceart ilchríche darb ainm An Éidheoin (Eion). Tarlaíonn fophlotaí bainteach le heachtraí carachtar eile ó dheas, in Impireacht Xis, agus ó thuaidh, i dTailte na Qar (sióga) lastuaidh ón Scáthlíne dhothrasnaithe. Baineann an t-aicsean le muintir chorrach Uí Aodháin (Eddon family), rialtóirí na Críche Theas, an cúige daonna is cóngaraí don Scáthlíne a d'áitrigh na Qar tráth sular chuir an cine daonna óna ndúchas iad.

Cuirtear tús leis an scéal agus an Rí, Oilín Ó hAodháin (Olin Eddon), i ngéibheann i dtír strainséartha. Tá an mac is sine aige, Eanraic (Kendrick), ag streachailt rialú ina áit, agus tá ag teipeadh ar an gcúpla óg aige, Bearach (Barrick) agus Brionna (Briony), déileáil le corraí na hógántachta. Fulaingníonn an leathchúpla fir, Bearach, go háirithe le cian spride agus le tromluithe, gríosaithe ag a fhios go bhfuil mallacht rúndiamhair ar an muintir. Nuair a fheallmharaítear Eanraic, is ar ghuailí Bhrionna a thiteann an riail agus a hathair ar iarraidh, fad is a thiteann Bearach i nduibhe na féinspéise.

Trasnaíonn arm Qar an Scáthlíne d'fhonn ionradh a dhéanamh ar an gCríoch Theas, agus sa chath mór ag deireadh an chéad leabhair, fágtar Bearrach ar strae i ndúiche na Qar. Déanann col ceathrar le Brionna forlámhas ar a ríchathaoir, agus tugann sí an t-anam léi ar éigean. Agus Bearach ag taisteal trí Thír an Scátha, taistlíonn Brionna timpeall a tíre féin faoi rún, ar tóir comhghuaillithe.

Cuireann eachtraí sa téacs agus mírchinn caibidlí an dara leabhair i léire go bhfuil an trí phríomhchreideamh - creideamh na Qar; creideamh na ndaoine tuaisceartacha; agus creideamh na ndaoine Xiseacha - bunaithe ar an achrainn fhoréigneach chéanna idir bhaill phainteon na nDéithe. Tagann an trí reiligiún ó dhearcthaí éagsúla ar Chogadh na nDéithe, arb é bua triúr deartháireacha an toradh air.

Cuireadh tús le Cogadh na nDéithe nuair a phós ceann de na déithe bandia ó fhaicsean iomaidh, a mhúscail a hathair agus a dheartháireacha chun catha lena haisghabháil. Maítear tríd an dara úrscéil gurbh é fírinne an scéil ná gur éalaigh sí lena leannán, agus gur throid a hathair, nár aontaigh lena rogha, chun í a thógáil óna grá. I bhfad i ndiaidh deireadh an chogaidh, d'ionsaigh mac de chuid an fhaicsin chailltigh iad súid a bhuaigh, á gcur faoi shorm suain; lig sé seo do shibhialtachtaí básmhara teacht chun cinn.

Agus Bearach ag taisteal trí Thír na Qar nochtann sé níos mó dá gcreidiúntaí, agus go bhfuil fios agus cumhacht araon ina seilbh acu a tháinig díreach óna ndia pátrúin, trí bhronntanas osnádúrtha darb ainm Bláth na Tine (The Fireflower).

Nochtar go bhfuil croí ag an gcultúr Qar i dteaghlach ceannais atá mar shliocht ar dhuine de na déithe, a thugann Bláth na Tine ar aghaidh síos trína nglúinte. Pósann an teaghlach seo go colach, gach aon ghlúin ag tabhairt fir agus mná amháin go díreach. D'fhonn Bláth na Tine a chaomhnú, a choimeádann beo na Qar, ní mór do gach glúin, ar aois aosta a shroichint, í féin a chur i láthair don iarsma deiridh de dhia a mhaireann ar domhan i gcónaí, i ngéibheann, beo ar éigean, i bpluais go domhain faoi Chaisleán na Críche Theas.

Faigheann Bearach fios go mbíodh an socrúchán seo á cheadúint tráth ag na Fundairlíní (Funderlings), cine abhcach a chónaíonn faoin gcaisleáin, i ngan fhios do hAodhánaigh na ré seo, go dtí gur chas duine de shinsear na nAodhánach ar Bhanphrionsa Qar ar a hoilithreacht. Phósadar agus tá cuimhne ag an gcine daonna uirthi mar Bhanríon ar an gCríoch Theas, cé go bhfuil dearmad déanta ar a sinsearacht Qar.

Ní raibh sí, mar sin, in ann pósadh agus clannú lena deartháir. Bhris sé seo an slabhra a nasc na Qar leis an ndia codlatach, agus chuir tús le tréimhse fada meatha dóibh. Is é aidhm a léigir ar Chaisleán na Críche Theas ná smacht a chur ar an gcaisleán agus ar an ndia codlatach faoi, d'fhonn is go gcoscfaí meath a gcine faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Ar an ilchríoch theas, tá cumhacht na ndéithe faoi Chaisleán na Críche Theas á shantú ag Uathlathaí Xis chomh maith, a d'fholaim faoi ó théacsanna ársa. D'fhonn teacht ar an gcumhacht sin dó féin, ní mór dó sliochtach dé éigin a bheith aige. Is dá bharr sin a sheiftíonn sé gabháil an Rí Oilín Ó hAodháin. Nochtar gurb eisean ba chúis le an-chuid anchaine sa Chríoch Theas.

Ag buaic na sraithe, sa tríú agus sa cheathrú leabhar, téann roinnt faicsean i gcoinne a chéile d'fhonn seilbh a chur ar Chaisleán na Críche Theas, agus ar na huaimheanna doimhne laistíos .i. An t-Uathlathaí, a thugann muirbhrúcht gasta ar Éidheoin; na Qar, a bhriseann a léigear chun ruthag a thabhairt faoin gcaisleán; an Forghabhálaí, a bhfuil a phleananna féin aige don dia codlatach; dhá fhórsa dílis do na hAodhánaigh, arm mór cruinnithe ag Brionna, agus arm eile d'Fhundairlíní abhcacha a chosnaíonn a bpluaiseanna cónaithe faoin gcaisleán.

Cuireann aontas idir na Qar agus dílseoirí Aodhánacha deireadh le réimeas an fhorghabhálaí, agus teipeann orthu cosc a chur ar an Uathlathaí pluais an dé chodlataigh a shroichint. Dúisítear duine de na déithe, a sháraíonn srianadh an Uathlathaí. Éiríonn ar deireadh le haontas na ndílseoirí agus na Qar an dia a chliseadh.

Tugtar a ríchathaoir do Bhrionna Ní Aodháin athuair. Glacann a deartháir Bearach, é féin amhail na hAodhánaigh uile ina shliochtach Qar trí chraobh ginealachais na Banríona Qar, cúram Bhláth na Tine air féin chun líne na Qar a cheartú agus an t-aos rúndiamhair a shlánú ó dhíobhadh.

Pearsana na Sraithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhcharachtair

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Bearach Ó hAodháin (Barrick Eddon) - prionsa na Críche Theas; leathchúpla Bhrionna
  • Brionna Ní Aodháin (Briony Eddon) - banphrionsa na Críche Theas; leathchúpla Bhearaigh
  • Oilín Ó hAodháin Rí (King Olin Eddon) - rí na Críche Theas; fuadaithe agus curtha ar fuascailt
  • Ceabhsán (Chaven) - lia an rítheaghlaigh
  • Seirt na Grianchloichíte Goirme (Chert Blue-Quartz)- fundairlín ina chónaí faoi Chaisleán na Críche Theas
  • Fearghas Ó Fansáin (Ferras Vansen)- captaen an Rígharda
  • Breochloch - gasúr rúndiamhair a tháinig aduaidh tríd an Scáthlíne, coimircí Sheirt na Grianchloichíte Goirme
  • Éannán Mac an Tuile (Hendon Tolly) - deartháir Ghaláin agus col ceathrar leis an gcúpla Aodhánach
  • Qinnitan - acalaí óg i gCoirceog Xis
  • Aibhne de Brún (Avin Brone) - tiarna constábla Chaisleán na Críche Theas, comhairleoir neamhoifigiúil an chúpla Aodhánaigh
  • Maitias 'Matha' Ó Tionraí (Matthias "Matty" Tinwright) - file cúirte le Brionna Ní Aodháin
  • Shaso dan-Heza - máistir na n-arm Chaisleán na Críche Theas.
  • Sulepis Bishakh am-Xis III - monarc náisiún cumhachtach Xandach Xis, a adhraítear ar nós dé beo
  • Yasammez - bean uasal Qar, ar a dtugtar "Sciúirse na Má Scártha", nó "An Torcán Craobhach Uasal", ginearál ar airm na Qar.

Carachtair Thánaisteacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Eanraic Ó hAodháin (Kendrick Eddon) - prionsa leasrí na Críche Theas
  • Galán Mac an Tuile (Gailon Tolly) - diúc Achadh an tSamhraidh, dearthár Éannáin agus col ceathrar leis an gcúple Aodhánach
  • Jeddin "Jin" - captaen ar Gharda Liopaird an Uathlathaí
  • Prusus - Scothlathaí Xis, oidhre roghnaithe an Uathlathaí Sulepis
  • Puzal (Puzzle)- seanchleasaí cúirte na nAodhánach
  • An Bhanríon Ardspuaicialtóg (Queen Upsteeplebat) - monarc an Chine Dín
  • Na Fundairlíní (Funderlings) - daoine beaga abhcacha, oilte ar shaothrú cloiche; darb ainm chomh maith 'Rómhróirí'
  • An Cine Dín (Rooftoppers') - neacha beaga bídeacha a chónaíonn ar dhíonta Chaisleán na Críche Theas nach bhfuil a bheithsine le fios go forleathan.
  • Na Scimeálaithe (Skimmers) - cine iascúil a chónaíonn don chuid is mó amach ó mhuintir eile Chaisleán na Críche Theas.
  • Na Qar, cine ársa neamhdhaonna a d'áitrigh mórán an domhain aithnide tan
  • Na Tuanaigh (Tuani) - bundúchasaigh dhúchneasacha Tuain
  • Na Xisigh (Xis) - daoine na hilchríche theas, faoi cheannas rialtóra fhorleathnaithigh

Is ábhar suntais téamaí feimíní na sraithe.

Bíonn an Banphrionsa Brionna ag streachailt cosúlacht shóisialta mná a shásamh agus dualgas rialaithe uirthi. Ag tosú amach, déanann sí iarracht feisteas an fheimineachais stairiúla a dhiúltú, trí ghléasadh in éadaí fir, ach níos déanaí glacann le nós na cúirte chun a géillsinigh a shásamh.

Tugtar le fios go bhfuil sí i bhfad níos staidéaraí agus freagraí ná a deartháir Bearach.

I dtosach, bíonn gráin aici do phósadh ar son leithris pholaitiúla, ach socraíonn ar phósadh polaitíochta dá leas féin níos déanaí.

Mínítear gurbh é rogha mná éalú lena leannán ba chúis le Cogadh na nDéithe, agus nárbh é fhuadach fir é. Sa chaoi chéanna, roghnaigh an Bhanríon Qar a tír agus a daoine a thréigean trí rí daonna a phósadh.

Eagráin Iasachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Shadowmarch: An Epic Fantasy. Clúdach crua Orbit (ISBN 1-84149-288-4, 656 lch). Samhain 2004.
  • Shadowmarch: Die Grenze. Clúdach crua Klett-Cotta (ISBN 3-608-93717-X, 814 lch). Iúil 2005. Cornelia Holfelder-von der Tann a chuir Gearmáinis ar an téacs.
  • De Schaduwgrens. Clúdach bog Luitingh Fantasy (ISBN 90-245-5603-1, 799 lch). Aibreán 2006. Erica Feberwee a chuir Ollainnis ar an téacs.
  • Marchia Cienia. Rebis (ISBN 83-7301-770-4, 723 lch). Bealtaine 2006. Pawel Kruk a chuir Polainnis ar an téacs.
  • Slottet i Sydmark: Skuggmark 1. B. Wahlströms (ISBN 13: 978-91-32-33289-0, 327 lch). Deireadh Fómhair 2006. Ylva Spångberg a chuir Sualainnis ar an téacs.
  • Varjojen marssi 1: Lauluja kuusta ja tähdistä. Karisto Oy (ISBN 951-23-4782-2, timpeall 420 lch) Lúnasa 2006. Auli Hurme-Keränen a chuir Fionnlainis ar an téacs. Varjojen marssi 2: Pimeä kaupunki. Karisto Oy (ISBN 951-23-4783-0, timpeall 420 lch). Meán Fómhair 2006. Auli Hurme-Keränen a chuir Fionnlainis ar an téacs.
  • Stínové pomezí. Laser-books (ISBN 80-7193-216-7, 754 lch). Samhain 2006. Petr Kotrle a chuir Seicis ar an téacs.
  • Les Royaumes des Marches 1 : Chateau d'Ombre t1. Calmann Levy (ISBN 978-2-7021-3792-5, timpeall 350 lch) Márta 2007. Jean-Pierre Pugi a chuir Fraincis ar an téacs.
  • Les Royaumes des Marches 1 : Chateau d'Ombre t2. Calmann Levy (ISBN 978-2-7021-3803-8, timpeall 350 lch) March 2007. Jean-Pierre Pugi a chuir Fraincis ar an téacs.
  • Sjenovita međa, I. dio. Algoritam (ISBN 978-953-220-548-0, 664 lch). Lúnasa 2008. Tajana Pavičević a chuir Cróitis ar an téacs.
  • Tündérvidék: A qarok háborúja. Clúdach Crua Alexandra(ISBN 978-963-370-174-4, 686 lch). 2007. Császár László a chuir Ungáiris ar an téacs.