Sgoil Eòlais na h-Alba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSgoil Eòlais na h-Alba
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1951

Musicbrainz: a8f38aeb-eb3e-4752-bf61-8af51ccfee6c Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Sgoil Eòlais na h-Alba (Béarla: School of Scottish Studies) sa bhliain 1951 mar aonad a bhí bainteach le hOllscoil Dhún Éideann. Ó shin i leith, bíonn an scoil ag obair chun béaloideas agus ceol traidisiúnta na hAlban a chaomhnú, i nGaeilge na hAlban agus in Béarla Gallda araon. Tá go leor den obair taifeadta a rinne Sgoil Eòlais na h-Alba caomhnaithe i bhfoirm dhigiteach sa tionscadal Tobar an Dualchais/Kist o Riches.

Tá cartlann ag an Scoil ina bhfuil breis agus 9000 taifead de cheol traidisiúnta, amhráin agus béaloideas[1]. Calum Iain MacGillEathain, deartháir an bhaird Somhairle MacGill-Eain, agus an bard, an scríbhneoir agus an bailitheoir béaloidis Hamish Henderson a chuir tús leis an gcartlann. Chomhoibrigh siad leis an mbailitheoir Meiriceánach Alan Lomax, a chuir obair na Scoile chun cinn.[2][3]

Sandy Bell's

D’oibrigh Dòmhnall Eairdsidh Dòmhnallach ó Uibhist a Tuath sa Scoil ó 1962 go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1994, agus bhailigh sé breis agus 800 téip de scéalta agus béalaithris. Sa bhliain 1966 bhunaigh sé 'Tasglann nan Sgeul'. Ó 1984 go 1995, d’oibrigh an cumadóir, amhránaí, agus bailitheoir Margaret Bennett don Scoil.[4] In 2012 bronnadh an onóir Sàr Ghàidheal ar Mòrag NicLeòid a bhí ina taighdeoir sa Scoil ar feadh daichead bliain.[5]

Tá ceangal idir an t-óstán Sandy Bells agus Sgoil Eòlais na h-Alba.

Daoine a bhí ag obair ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Malcolm John McLean
  • Domhnall Archie Domhnallach
  • Seán Mac Aonghais
  • Margaret Anne McKay
  • Margaret Bennett
  • Morag McLeod

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]