Seán Ó Riain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Riain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Samhain 1955
68 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
GairmEasparantóir, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtGluaiseacht Esperanto
TeangachaEsperanto agus an Ghaeilge

Twitter: seanoriain2 Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-mheánmhúinteoir agus scríbhneoir é Seán Ó Riain. Tá trí leabhar scríofa aige: Roman Life and Literature (School and College Services, 1970), Seal le Síomón (An Clóchomhar, 1984), Solidarity with Travellers (Roadside Books, 2000) agus tá mórán alt scríofa aige i nGaeilge is i mBéarla.

Bhí Seán Ó Riain ina eagarthóir ar fhoilseacháin an ASTI, The Secondary Teacher agus ASTIR, 1969-78. Bhuaigh sé dhá dhuais Oireachtais don iriseoireacht. Bhíodh alt rialta aige sa cholún "Beocheist" san Irish Times, 1997-2005. Le cúpla bliain anuas is colúnaí é le Comhar.

Na sleachta sa leabhar seo is leagan scríofa iad de chainteanna a thug an t-údar ar na cláracha Siosmaid agus Peann agus Pár ar Raidió na Gaeltachta. Tá súil ag an údar go mbeidh na sleachta seo oiriúnach dóibh siúd atá ag lorg ábhar léitheoireachta atá suimiúil, simplí (go leor!) agus nua-aimseartha.

Tá sé pósta le Bríghdín agus tá triúr mac agus iníon amháin acu.

Is taidhleoir Éireannach agus teangeolaí an Dr Seán Ó Riain, a bhfuil 16 bliana caite aige in ambasáidí na hÉireann i Vín, Canberra, Vársá agus Beirlín. Rugadh i dTiobraid Árann é, is tá beirt iníon á dtógáil le Gaeilge aige is ag a bhean Eilvéiseach, Suzanne. Bhí sé dhá bhliain ag obair i mBuanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil, agus tá sé ag obair ar iasacht sa Choimisiún Eorpach ó Mheán Fómhair 2007. Eisean a d'ullmhaigh an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin Ambasáid na hÉireann i mBeirlín, ag www.dfa.ie.

Bhronn Coláiste na Tríonóide céim Ph.D air i ngeall ar a thráchtas "Pleanáil Teanga in Éirinn agus i Québec" sa bhliain 1985. Eisean údar na leabhar "Pleanáil Teanga in Éirinn 1919-1985", a d'fhoilsigh Carbad/Foras na Gaeilge sa bhliain 1994, agus "An Ghaeilge agus an tAontas Eorpach - Féiniúlacht agus Éagsúlacht Teanga", a d'fhoilsigh Clódhanna Tta. sa bhliain 2001 is a sheol an tAire Mary Hanafin. D'ullmhaigh sé leagan Gaeilge de leabhar Slóvacach "Esperanto tríd an Modh Díreach", a foilsíodh ag deireadh na bliana 2007. Sa bhliain 2009 scríobh sé leabhrán dátheangach "Liospóin Léirmhínithe/Lisbon Explained",a d'fhoilsigh Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath roimh an reifreann a ghlac leis an gConradh in Éirinn, Tá liosta de chuid dá chuid leabhar, maille le breis is 50 alt leis in 8 dteanga, le léamh ar a shuíomh gréasáin pearsanta, www.seanoriain.eu Curtha i gcartlann 2011-01-16 ar an Wayback Machine. Tá an-spéis aige in úsáid ghearr-chúrsaí Esperanto chun múineadh na dteangacha go ginearálta a fheabhsú agus a éascú springboard2languages.org Curtha i gcartlann 2020-11-09 ar an Wayback Machine, go háirithe múineadh na Gaeilge.

Tá sé mar uachtarán ar EEU/Eǔropa Esperanto-Unio, Cumann Esperanto an Aontais Eorpaigh, brateagras na gcumann náisiúnta Esperanto i 27 de na 28 mBallstát. Bhí an chomhdháil dheiridh ag EEU san Óstán Ard-Oileáín i nGaillimh an 16-20 Iúil 2012, agus bhí 157 toscaire ó gach tír san Aontas Eorpach i láthair.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]