Seoltóir tintrí
Appearance
Bealach chun foirgnimh is struchtúir arda a chosaint ar splancanna tintrí. Tugtar slat tintrí air freisin. Stiall nó slat chopair a bhíonn ann, ceann amháin de ag gobadh suas ón bpointe is airde den fhoirgneamh. Bíonn an ceann íochtarach ceangailte leis an talamh trí chábla le friotaíocht an-íseal. Aon splanc thintrí a bhuaileann ceann uachtarach an tseoltóra, seoltar go sábháilte í ar feadh an bhealach ísealfhriotaíochta seo don talamh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seoltóir tintrí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 593.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |