Sentinel (tanc)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'armaSentinel
Cineálvehicle family (en) Aistrigh agus combat vehicle family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír bhunaidhan Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair seirbhíse
I seirbhísó 1942 Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Stair táirgthe
DéantóirNew South Wales Government Railways (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Iomlán a tháirgtear65 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraíochtaí
Fad6,325 mm Cuir in eagar ar Wikidata
Leithead2,769 mm Cuir in eagar ar Wikidata
Airde2,565 mm Cuir in eagar ar Wikidata

Tanc cúrsóireachta ba ea an Sentinel. Dearadh í san Astráil le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus ba í an chéad tanc í a rinneadh le cabhail a bhí teilgthe in aon phíosa amháin. Cé go ndearnadh roinnt de na tancanna seo níor baineadh feidhm astu sa chogadh, mar bhí tancanna Briotanacha agus Meiriceánacha ag na rannáin armúrtha Astrálacha faoin am sin.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an Sentinel mar an AC1 ("Australian Cruiser 1") sa bhliain 1940 agus gunna dhá phunt aici. Bhí sé le bunú ar inneall, ar ghléasra cumhachta agus ar chabhail íochtarach an M3 Lee, tanc Meiriceánach, agus le cabhail uachtarach agus túirín a bhí cosúil le dearadh an Crusader, tanc Briotanach. Faoin mbliain 1942 ba mhó an chosúlacht a bhí aici le meántanc Meiriceánach de bharr an dul chun cinn a bhí déanta maidir le tancanna Gearmánacha.

Tanc AC3

Luaigh Ceannfhoireann Arm na hAstráile na sonraí a leanas i dtaobh an tanc a bhí ag teastáil: 16 – 20 tonna, criú ceathrair nó cúigir, raon taistil de 150 míle slí, armúr 50mm ar tiús. D’iarr an Aireacht Armlóin ar an mBreatain eolaí ar dhearadh tancanna a sholáthar. Tháinig an Coirnéal W.D. Watson MC chucu i Mí na Nollag 1940 trí Mheiriceá, áit a bhfaca sé pleananna an M3 Lee, agus ceapadh é mar Stiúrthóir Deartha. Tugadh innealtóir an-oilte Astrálach isteach chun comhairle a thabhairt. Ar dtús bhí Watson chun giarshraith agus giarbhosca an M3 a úsáid, agus roghnaíodh innill Cadillac. Tógadh balbhshamhail adhmaid go luath sa bhliain 1941, ach nuair a tháinig dearaí na giarshraithe ó Mheiriceá socraíodh go raibh sí róchasta lena déanamh san Astráil. Dearadh giarshraith níos simplí dá bharr. Ar dtús bhíothas chun feidhm a bhaint as bógaithe cónspriongaí ingearacha ach beartaíodh cinn chothrománacha a úsáid agus chruthaigh siad go han-mhaith.[2]

Rinneadh na tancanna sna Cullora Tank Assembly Shops in Sydney, ceardlann a tógadh d’aonghnó ar mhúnla na n-armlann Meiriceánach. Bhí táirgeadh ar siúl ann faoi Mhí Lúnasa 1942 agus úsáideadh an áit mar láthair tástála. Úsáideadh páirteanna ó dhearaí tancanna eile, agus simplíodh iad de réir má ba ghá chun iad a chur in oiriúint do chumas meaisínithe na hAstráile. Teilgeadh idir an chabhail agus an túirín in aon phíosa amháin.[3]

Le gunna dhá phunt a tógadh na chéad 65 tanc, mar ní raibh aon saghas gunna eile le fáil ag an am. Bhí dhá mheaisínghunna Vickers acu, ceann sa chabhail agus ceann eile feistithe go comhaiseach sa túirín.

Ní raibh teacht ar na hinnill a síleadh a bhí oiriúnach do thanc 28 tonna, agus cuireadh trí inneall V8 Cadillac 346 in³ (5.7 lítear) inti agus iad socraithe go seamrach (dhá inneall taobh le taobh sa tosach agus ceann amháin ar cúl, agus iad go brath ar aon ghiarbhosca amháin).[4]

AC E1, tanc trialach le túirín nua agus gunna 17 punt

I ndiaidh an AC2 tháinig an AC3, tanc a raibh armúr níos fearr aici agus gunna níos cumhachtaí. Baineadh feidhm as an ngunna-habhatsar 25 punt (87.6mm, 3.45 orla) agus athdhearadh é mar ghunna tanc. Feistíodh é i dtúirín a bhí beagán níos leithne ná túirín an AC2 agus bhí idir urchair armúrpholltacha agus urchair thréanphléasctha aige. Baineadh meaisínghunna na cabhlach amach, rud a d’fhág nach raibh de chriú ann ach ceathrar agus go raibh slí ann don armlón 25 punt. Feistíodh na hinnill go radúil ar aon chás cromáin amháin. Bhí múnla amháin den tanc déanta agus bhíothas chun cúig cinn is fiche a dhéanamh le haghaidh trialacha nuair a cuireadh deireadh leis an gclár.

Dearadh túirín a bhféadfaí gunna 17 punt (76mm, 3 orla) frith-thancanna a fheistiú ann. Feistíodh dhá ghunna-habhatsar 25 punt le chéile agus aisléim acu mar phéire a bheadh níos mó ná aisléim an ghunna 17 punt.[5] D’éirigh leis an triail seo agus feistíodh an gunna 17 punt dá bharr, cé go raibh gá le túirín níos toirtiúla.[6] Cuireadh deireadh le clár an tanc chúrsóireachta i Mí iúil 1943, mar síleadh gurbh fhearr innill fhéinghluaiste a thógáil agus caoi a choinneáil ar na tancanna nua Meiriceánacha a bhí le soláthar don Chéad Rannán Armúrtha Astrálach, aonad a rabhthas tar éis é a bhunú. Rinneadh na tancanna Sentinel a stóráil.

Ní raibh ach trí cinn de na tancanna nár baineadh anuas nó nach bhfuarthas réidh leo sa bhliain 1945.[7] Tá dhá cheann acu le fáil faoi seach ag músaem tancanna in Puckapunyal in Victoria (sraithuimhir 8030) agus sa Bovington Tank Museum (sraithuimhir 8049). An t-aon AC3 críochnaithe amháin (sraithuimhir 8066) tá sí le fáil san Australian War Memorial in Canberra.

Moladh an Sentinel ó shin mar thanc mear daingean cumhachtach a bhféadfaí í a fheabhsú níos mó fós.[8]

Sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • AC I "Sentinel"
    • gunna: Ordonás MS (Mearscaoilte) dhá phunt (Ordnance QF 2 pounder) (130 urchar)
    • dhá mheaisínghunna Vickers (4,250 urchar)
    • trí inneall V8 Cadillac V8, dhá cheann acu feistithe taobh le taobh agus ceann eile feistithe díreach ar a gcúl
  • AC III "Thunderbolt"[9]
    • gunna: Ordonás MS 25 punt (120 urchar)
    • aon mheaisínghunna Vickers amháin
    • Criú ceathrair de bharr meaisínghunna a bhaint den chabhail
    • trí inneall V8 Cadillac ar aon chás cromáin amháin
  • AC IV
    • gunna: Ordonás MS 17 punt nó Ordonás MS 25 punt
    • aon mheaisínghunna Vickers amháin
    • Inneall mar a bhí san AC III

Tagairtí [cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hopkins, R.N.L. (1978): Australian Armour: A History of the Australian Armoured Corps 1927–1972, Australian War Memorial ISBN 0-642-99407-2
  2. Chamberlain, Peter agus Ellis Chris (2000). British and American Tanks of World War Two. Cassell. ISBN 0-304-355529-1. Lgh 179 - 181.
  3. Bingham, J (1971): AFV/Weapons Profiles 31 'Australian Sentinel and Matildas', Profile Publications Limited
  4. Ross, A.T. (1995) Armed and Ready: The Industrial Development and Defense of Australia 1900–1945. Turton & Armstrong. ISBN 0-908031-63-7
  5. Fletcher, D (1993): The Universal Tank: British Armour in the Second World War Part 2, HMSO, ISBN 0-11-290534-X
  6. 'National Archives of Australia' MP508/1, 325/703/3084 G.S. Specifications Cruiser Tank AC3 and AC4
  7. 'National Archives of Australia' MT1274/1 325/0118/1 Australian "Cruiser" tanks: dismantling and disposal of 63 in total 66
  8. Chamberlain agus Ellis, lch 181.
  9. 'National Archives of Australia' MP392/36 – 269/12/1713 – Tanks Aust Cruiser Mark 3 (Experimental)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]