Jump to content

Seasaidh NicLachlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeasaidh NicLachlainn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Meitheamh 1866
An t-Òban, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Bealtaine 1916
49 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Choille Chart Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál guthaSoprán

UirlisCeol gutha

Soprán Albanach ab ea Seasaidh NicLachlainnSeònaid NicLachlainn (Béarla: Jessie Niven MacLachlan).

Rugadh í sa bhliain 1866 agus tógadh í san Òban, an duine ba shine d’ochtar clainne a rugadh do Alexander Mac Lachlainn agus Margaret Campbell Niven. Ceantálaí ba ea a hathair.

Nuair a bhí sí ina déagóir, bhog sí go Glaschú agus ba ann a chuaigh sí ar stáitse den chéad uair. Bhain sí clú agus cáil amach agus í ag canadh amhrán ceoldrámaíochta — mar shampla chan sí don Bhanríon Victoria, i gCaisleán Bhaile Mhorail sna 1890idí.[1] Chuaigh sí ar chamchuairt fhairsing. Bhí sí ar an gclár céanna leis an amhránaí Harry Lauder agus leis an veidhleadóir Mackenzie Murdoch ar chamchuairt Albanach.[2] Chuaigh sí ar camchuairt i Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1901;[3] agus í i gCeanada, chan sí leis an déagóir Henry Burr san Áras Ceoldrámaíochta in Saint John, Brunswick Nua.[4]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Seasaidh a tionlacaí Robert Buchanan sa bhliain 1887. Bhí mac acu. Fuair sí bás i nGlaschú sa bhliain 1916, agus í 49 bliain d'aois, go gairid tar éis di "aistear guaiseach" a dhéanamh ón bhFrainc i rith an Chogaidh Mhóir. I Reilig Choille Chart atá sí curtha.[5]

  1. "British" (June 1919). The Caledonian 19: 104. 
  2. Lauder, Harry (19 December 2019). "Between You and Me". Good Press. 
  3. "Plays and Players" Navy & Army Illustrated (21 November 1903): iii.
  4. "Henry Burr – Canadian Songwriters Hall of Fame Inductee".
  5. Tait, Derek (30 August 2016). "Glasgow in the Great War". Pen and Sword. 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]