Seamas Ó hAoláin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | An Baile Dubh |
Áit chónaithe | Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir, damhsóir, amhránaí |
Is ceoltóir, damhsóir agus amhránaí é Seamas Ó hAoláin (nó Seamas Hyland) arb as an mBaile Dubh i gContae Phort Láirge dó ach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois. Bhí sé ina bhall den ghrúpa The Mary Wallopers ar feadh dhá bhliain, ina dhiaidh sin dhírigh sé ar a chuid ceoil féin. Tá baint aige le healaíontóirí ar nós John Francis Flynn, Isadora Epstein (drámaíocht), Acid Granny agus Eimear Walshe. Seinneann sé an cairdín.[1] Rinne sé staidéar ar an nGearmáinis agus ar an Dlí i gColáiste na Tríonóide.[2]
Rinneadh a chéad albam a eisiúint i mí na Bealtaine 2024, albam a bhí fréamhaithe sa traidisiún agus bunaithe ar fhoinn a bhí foghlamtha aige óna chéad mhúinteoir Bobby Gardiner. Anuas air sin, tá píosaí comhaimseartha air, le ceol ó Ross Chaney ar na drumaí agus sintéiseoirí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Cobblestone Sessions: Mary Beth Taylor (Sean nÓs Dancer), Méabh Mulligan (Concertina), Síomha Mulligan (Fiddle), Seamas O’hAoláin (Accordion)" (en). The Journal of Music | News, Reviews and Opinion. Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ "Cumann freshers 2016 by Trinity College Dublin - Student Societies - Issuu" (en). issuu.com (2016-09-09). Dáta rochtana: 2024-04-30.