Seaimpéin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fíon glioscarnach a tháirgtear i réigiún Champagne in oirthuaisceart na Fraince. Déanta as fíonchaora bána de ghnáth, ach uaireanta as meascán d'fhíonchaora bána is dubha. Éiríonn a bhroidearnach as an gcoipeadh breise a tharlaíonn sa bhuidéal. Déantar cineál milis (sec), cineál beagán milis (demi-sec) is cineál tirim (brut).