Seán P. Ó Mathúna
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1930 Nua-Eabhrac, New York |
Bás | 10 Meán Fómhair 2017 86/87 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, ollamh |
Is é is ábhar don leathanach seo ná an scríbhneoir as Nua-Eabhrac. Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach Seán Mac Mathúna (idirdhealán).
Ba scríbhneoir agus léachtóir Ollscoile é Seán P. Ó Mathúna. Rugadh Ó Mathúna i Nua-Eabhrac sa bhliain 1930 ach tógadh é i bparóiste Rátha Móire i gcroílár Shliabh Luachra. D'fhreastail sé ar Mheánscoil San Aibhistín i nDún Garbhán. Bhain sé céim M.A. amach sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí a leabhar 'Múineadh sa dara teanga' bunaithe ar an taighde a rinneadh don Ph.D a bronnadh air ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann; foilsíodh é i 1974. Bhí sé ina mhúinteoir Meánscoile i gCiarraí agus i mBaile Átha Cliath.
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Athair William Bathe, C.I., 1564-1614.
- Múineadh an dara teanga: fás na modheolaíochta, 1570-1972
- Prós: díolaim don Mheánteistiméireacht
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |