Scríobach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar crua, garbh nó géar a úsáidtear i meilt, gearradh is snasadh ábhar nach bhfuil chomh crua sin. Ábhair nádúrtha scríobacha is ea diamant, corandam, éimear, gaineamh, bláithliag is cailc (agus gach ceann sa liosta sin níos boige ná an ceann roimhe). I bhfeidhmeanna áirithe, déantar meascán de scríobach i bhfoirm púdair is uisce nó ola, múnlaítear le stroighin ina roth nó ina bharra é, nó greamaítear an púdar ar pháipéar nó éadach le gliú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scríobach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 586.