Scornlus
Cuma
Campanula trachelium | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Campanulaceae |
Géineas | Campanula |
Speiceas | Campanula trachelium L., 1753 |
Is éard is scornlus[1] ann ná ball de ghné éagsúil plandaí bliantúla is luibheacha ilbhliantúla, cuid acu íseal leata, cuid acu díreach in airde, go minic ag foirmiú tortán, dúchasach don leathsféar thuaidh. Na duilleoga an-chaol go dtí beagnach ciorclach. Na bláthanna cloig cúigmhaothánach, de ghnáth mór feiceálach, gorm beagnach i gcónaí, ach uaireanta bándearg nó bán, ina n-aonar nó i mbláthraí fada. Is é an toradh ná capsúl le póir a shileann síolta mar a bheadh piobarán ann. Suas le 300 speiceas ar eolas, agus fástar an-chuid speiceas mar mhaisiúchán.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Campanula trachelium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scornlus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |