Scoil scairte
Cuma
(Athsheolta ó Scoil chois claí)
Scoil chois claí, scoil scairte nó scoil ghairid a thugtaí ar na scoileanna a bhíodh ar siúl ón 17ú haois ar aghaidh, go háirithe in aimsir na bPéindlíthe, nuair a bhí cosc ar oideachas i measc na nGael.[1] Bhí baint, ar ndóigh, ag na sagairt go minic le hoideachas, agus bhíodh cosc, freisin, ar ghnéithe eile den oideachas, mar shampla Gaeilge a bheith á múineadh. Bhíodh na scoileanna cois claí go minic, ar ndóigh, nó faoin aer nó in áiteanna eile nach dtiocfaí orthu go héasca, mar go ngearrfaí pionós trom ar dhaoine a sháraíodh na Péindlíthe.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dolan, Terrence Patrick (2020). A Dictionary of Hiberno-English (in Béarla).