Scanadh héiliciúil
Cuma
Córas taifeadta le téip mhaighnéadach, ina bhfilltear an téip i gcuid de héilics thart ar dhruma a iompraíonn dhá cheann rothlaithe, nó níos mó, a tharraingíonn sraith rianta ar fiar trasna a leithid. Is mó go mór luas coibhneasta an chinn i leith na téipe, an fíorluas scríofa, ná luas na téipe féin, agus mar sin is féidir leis minicíochtaí an-arda a thaifeadadh go barrainneach. Saothraíodh an teicníocht ar dtús i gcomhair fístaifeadta, ach cuireadh i bhfeidhm níos déanaí i dtaifeadáin ard-dílseachta fuaime freisin é.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scanadh héiliciúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 580.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |