Scairdscragall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachScairdscragall
Scairdscragall sa tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
Cineálduillárthach Cuir in eagar ar Wikidata

Long duillárthaigh a úsáideann scaird uisce mar thiomáint. Súitear an t-uisce isteach ón loch nó an fharraige chun tosaigh, agus díbrítear é faoi ardbhrú is ar ardluas trí na scragaill chun deiridh. Bhí seirbhís scairdscragallárthaigh idir Baile Átha Cliath is Caergybi i 1980-1982 nuair a dhéanadh Cú na Mara an t-aistear i 3 uair is 10 nóiméad. Ach ní fheidhmíodh sí go sásúil i ndrochaimsir, agus ní raibh líon na bpaisinéirí ard a dhóthain i leith na gcostais reatha: díoladh an t-árthach i 1982.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scairdscragall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 579.