Scútar leictreach



Is scútar le hinneall leictreach é scútar leictreach, nó r-scútar, atá faoi thiomáint ag molmhótar leictreach ina roth tosaigh agus/nó ar chúl. Aicmithe mar chineál micrea-shoghluaisteacht, [1] déantar na scútair seo go ginearálta le deic mhór sa lár ar a bhfuil an rothaí ina sheasamh. Tugtar seas-scútar leictreach air uaireanta.
I dtuarascáil a d'fhoilsigh Sláinte Leanaí Éireann in 2026, léiríodh imní faoin líon daoine óga atá ag fáil cóir leighis san ospidéal ar ghortú inchinne de bharr timpistí ar scútair leictreacha.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Autoped i Nua Eabhrac a rinne an chéad scútar le hinneall sa bhliain 1915, agus inneall beag dócháin inmheánaigh ann.[2]
Sna 2010idí-2020idí, mhéadaigh an t-éileamh ar scútair leictreacha. Tugadh isteach córais comhroinnte scútar a úsáideann aipeanna a ligeann d’úsáideoirí na scútair a fháil ar cíos faoin nóiméad a fhaightear iad.
Ach núis poiblí atá ann, a deirtear. Níos measa, ba chúis le ceallraí ian litiam tinte agus deatach dubh tiubh ar an gcóras iompair phoiblí i Maidrid, Barcelona srl. Tháinig cosc ar r-scútar i bhfeidhm sna 2020idí timpeall an domhain.[3][4][5]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2024, dúirt an tUdárás Náisiúnta Iompair go dtagann lochtanna inmheánach sna ceallraí agus gur féidir leo téamh an iomarca agus dul trí thine. Cuireadh comhairle chun na r-scútair a chosc ar oibrithe an chórais iompair phoiblí, de bhun na himní a bhaineann leis na ceallraí ian litiam a úsáidtear iontu.[6]
Cuireadh cosc ar scútair leictreacha dul ar bhusanna, ar thramanna agus ar thraenacha in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2024. Clúdaíonn an cosc seo scútair is féidir a fhilleadh nó a iompar, ach níl rothair leictreacha ná scútair soghluaisteachta san áireamh ann. Dar leis an Údarás nach bhfuil an smacht ar chaighdeáin i ndéantúsaíocht na scútar leictreach chomh forbartha céanna is atá sé i gcás na rothar leictreacha agus na scútar soghluaisteachta, ar cuireadh faoi réir rialachá níos faide siar. Dá bhrí sin ní bhaineanna an leibhéal céanna riosca leo.[6]
In 2026, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Justin Kelly go dtacódh sé le cosc iomlán a chur ar scútair leictreacha ar bhóithre na tíre. Dúirt Kelly go ndéanann scútair leictreacha éascaíocht do mhangaireacht drugaí ar bhonn áitiúil agus gur furasta do na tiománaithe éalú ó na Gardaí. Ghlac sé leis, a dúirt sé, go raibh neart daoine ann a bhain leas as scútair leictreacha go sábháilte agus go freagrach, ach dúirt gur mhó de mhí-iompar ná a mhalairt atá luaite leo.[7]
Ó mhí Mheán Fómhair 2026, tá ar dhaoine ar scútair leictreacha, idir thiománaithe agus phaisinéirí, clogad agus éadach lonrach a chaitheamh. Bhí sé i gceist freisin cosc a chur ar dhaoine faoi ocht mbliana déag taisteal ar scútar leictreach. Níl cead dul thar luasteorainn de 20 ciliméadar san uair. Ach tá sé an-deacair an leasú sin a chur i bhfeidhm.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Micromobility is the future of urban transportation
- ↑ "Autoped" (as en) (2024-08-17). Wikipedia.
- ↑ Tamara Davison (2023-08-30). "Where are e-scooters banned?" (en). Evening Standard. Dáta rochtana: 2024-08-27.
- ↑ "Melbourne e-scooter ban prompted by public outrage" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-08-27.
- ↑ "TfL ban on e-scooters and e-bikes (1) | London City Hall". web.archive.org (2023-06-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-06-13. Dáta rochtana: 2024-08-27.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2024-08-26). "Cosc ar scútair leicteacha ar an gcóras iompair poiblí mí DF." (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-07-15). "'Thacódh Kelly le cosc iomlán ar scútair leictreacha'" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-09-02). "Scútair leictreacha: amhras ar dhochtúir faoi reachtaíocht nua" (as ga-IE).